An difríocht idir athruithe ar: "Dracula"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 6:
Ba é [[An Gúm]] a d'fhoilsigh [[Scéim Aistriúcháin an Ghúim|leagan Gaeilge]] sa bhliain [[1933]], agus ba é [[Seán Ó Cuirrín]], a raibh canúint na nDéise ó dhúchas aige, a chuir Gaeilge ar an leabhar. D'fhoilsigh An Gúm atheagrán sa bhliain [[1997]], agus ba é [[Maolmhaodhóg Ó Ruairc]] a chuir an t-eagrán seo in eagar. Ba é an t-ealaíontóir Rómánach [[Ion Codrescu]] a mhaisigh an leabhar.
 
Fuair Aoibheann Nic Dhonnchadha, agus í ag scríobh do An Linn Bhuí, bliainiris Ghaeltacht na Déise, locht ar an nua-eagrán seo (An Linn Bhuí, uimhir a 2, 1998, lch. 115-118). Bhí sí den bharúil go ndearna an fear eagair thar fóir ag iarraidh cuma na nua-ré a chur ar an téacs, agus nach raibh sé sách eolach ar an gcanúint lena ceart a thabhairt di. Samplaí de na hathruithe a rinne an t-eagarthóir ná:
 
* ''amadántúlacht'' -> ''amaidí''
* ''diúgadh'' -> ''diúrnú''
* ''lobhadh'' -> ''lofacht''
* ''tuireasc'' -> ''sábh''
* ''cas'' -> ''catach''
* ''daitheannach'' -> ''daite''
* ''meáite'' -> ''trom''
* ''stractha'' -> ''stróicthe''
* ''cuibhreach an phósta'' -> ''cuing an phósta''
* ''m'fhear pósta'' -> ''m'fhear pósta''
* ''an nádúir'' -> ''an dúlra''
* ''le neart taoda'' -> ''le taghd feirge''
* ''tomanta'' -> ''diongbháilte, tréamanta, daingean''
 
 
 
Cuireadh eagrán do dhéagóirí amach sa bhliain [[1997]] ''Dracula - Eagrán do Dhéagóirí''. Is éard a bhí ann ná gearrinsint a scríobh [[Emmet B. Arrigan]]. Is í a mháthair, [[Mary Arrigan]], a rinne na léaráidí agus [[Gabriel Rosenstock]] a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.