An difríocht idir athruithe ar: "Gaeilge na Mumhan"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 123:
* ''aosáid'' faoiseamh, biseach (ón tinneas)
* ''beachaig, beachaidh, beachaigh'' beacha, beachóga (cf. ''luchaig'')
* ''briocast'' bricfeásta (focal ó Ghaeilge na Rinne)
* ''bunóc'' leanbh beag. Focal chluinfeáó anChiarraí focalé seoa d'fheicfeá ag Peig Sayers, ach ní chluinfeá é sa ghnáthchaint a thuilleadh, áfach.
* ''canathaobh'' (= ''cad ina thaobh'') cén fáth, cad chuige, tuige
* ''ciotrúnta'' ciotach, ciotógach
* ''cluthair'' deas te teolaí
* ''comáint'' tiomáint. Cloistear ''tiomáint'' sa chúige chomh maith. Leagan ó Ghaeilge Chiarraí é ''comáint'' ach go háirithe.
* ''conas'': Tá an oiread Gaeilge ag cách in Éirinn is go bhfuil a fhios acu gurb é ''conas tá tú?'' an Ghaeilge ar ''how are ye?'', ach, le fírinne, focal Muimhneach amháin a bhí i gceist le ''conas'' ar dtús. Tagann an [[clásal díreach]] ar a lorg: ''conas '''atá''' tú?''. I nGaeilge Uladh, deirtear ''cad é mar atá tú?'', agus is é an clásal díreach a úsáidtear anseo freisin. Is é ''cén chaoi a bhfuil tú?'' an leagan Connachtach, agus is é an [[clásal indíreach]] a fheicimid anseo.
* ''concas'': is é is bunbhrí leis an bhfocal seo ná "gabháltas", "forghabháil" (''conquest'' an Bhéarla), ach is éard a deirtear i nGaeilge na Rinne ná go gcuireann éadaí deasa ''concas'' (draíocht) ar na mná, ionas go gcaitheann siad an iomarca airgid orthu.
* ''contúirt'': Aithnítear an focal seo sa ghnáthchiall (is é sin, "dainséar"), ach is minic a thagraíonn sé do chuntar an tábhairne nó an tsiopa. ''Cúntúirt'' an fuaimniú.
* ''coráiste'' misneach. Bíonn na focail iasachta ar ''-áiste'' ón bhFraincis Normannach níos coitianta i nGaeilge thraidisiúnta na Mumhan ná i gcaint na réigiún eile.
* ''craimsiú, caimsiú'' aimsiú
* ''cuileachta, c'leachta'' cuideachta; sult
Line 161 ⟶ 162:
* ''míshaolta'' neamhshaolta, osnádúrtha
* ''mótar'' carr, gluaisteán
* ''nach'': i nGaeilge Chiarraí, chluinfeá sa chiall "gach" é: ''nach aon saol mar a thagann sé''. I nGaeilge na Rinne, is minic a chiallaíonn sé "ach": ''nach nuair a bheir an aimsir dealbh sa ngeimreadh orthu, ní raibh ao' rud a chuigint acu.'' (Risteard Turraoin, ''Gairdín an Chabáiste'', An Linn Bhuí, uimhir a dó, lch. 60.)
* ''nath'' a chuirtear i rud, nuair a chuirtear sonrú ann - is é sin, nuair a thugtar faoi deara é
* ''neamhcheart'' mícheart