An difríocht idir athruithe ar: "Dlíthe Nürnberg"

Content deleted Content added
m r2.5.2) (róbat ag suimiú: zh:纽伦堡法案; cosmetic changes
No edit summary
Líne 7:
 
An duine a bhí i dteideal na saoránachta, ba Ghearmánaigh iad tuismitheoirí a mháthar is a athar, nó ar a laghad, eachtrannaigh "ghaolmhara", Airianacha a bhí iontu. Más triúr nó ceathrar Giúdach a bhí ann, ba Ghiúdach é an duine féin. Más Giúdach amháin nó beirt Ghiúdach a bhí ann, ba mheascach é an duine - ''Mischling'' an téarma Gearmáinise.
 
==Na dlíthe==
 
{{Athfhriotal|
;Dlí Nürnberg maidir le Cosaint Fola Gearmánaí agus Onóra Gearmánaí
 
 
(Meán Fómhair 15, 1935)
Faoi spreagadh tuisceana gur toisc riachtanach do Ghearmánaigh a bheith ar marthain go leanúnach í íonacht Fhuil na nGearmánach, agus faoi spreagadh diongbháilteachta dolúbtha chun a chinntiú go leanfaidh Náisiún na Gearmáine bheith ann go deo, tá an Reichstag tar éis an Dlí seo a leanas a ghlacadh d'aontoil, a fhógraítear leis seo:
 
;§ 1.
:#Toirmisctear póstaí idir Giúdaigh agus suibiachtaí ([[Gearmáinis]]: ''Staatsangehörige'') an Stáit a bhfuil fuil Ghearmánach nó [[fuil]] ghaolmhar iontu. Tá póstaí a thugtar i gcrích dá ainneoin sin neamhbhailí, fiú amháin má thugtar i gcrích iad thar lear chun teacht timpeall ar an dlí seo.
:#Is é Ionchúisitheoir an Stáit amháin ar féidir tús a chur le nósanna imeachta neamhnithe.
 
;§ 2.
:Toirmisctear comhriachtain seachphósta idir Giúdaigh agus suibiachtaí an Stáit a bhfuil fuil Ghearmánach nó fuil ghaolmhar iontu.
 
;§ 3.
:Ní fhéadfaidh Giúdaigh suibiachtaí mná an Stáit a bhfuil fuil Ghearmánach nó fuil ghaolmhar iontu agus a bhfuil faoi 45 bliain d'aois a fhostú ina dteaghlaigh.
 
;§ 4.
:Ní cheadaítear do Ghiúdaigh bratach an Reich nó an bhratach Náisiúnta a chur ar foluain nó dathanna an Reich a thaispeáint. Ceadaítear dóibh, ar an taobh eile, dathanna na nGiúdach a thaispeáint. Cosnaítear feidhmiú an chirt seo ag an Stát.
 
;§ 5.
:#Gearrfar pionós de phianbhreith phríosúin i dteannta daoroibre ar aon duine a sháraíonn an toirmeasc faoi §1.
:#Gearrfar pionós de phianbhreith phríosúin i dteannta nó d'éagmais daoroibre ar fhear a sháraíonn an toirmeasc faoi § 2.
:#Gearrfar pionós de phianbhreith phríosúin go feadh bliana amháin agus fíneáil, nó le ceann amháin nó eile de na pionóis seo ar aon duine a sháraíonn an toirmeasc faoi § 3 nó § 4.
 
;§ 6.
:Eiseoidh Aire Gnóthaí Baile an Reich, i gcomhar leis an Leas-Führer agus le hAire Dlí agus Cirt an Reich, na rialacháin Dhlíthiúla agus Riaracháin is gá chun an Dlí seo a chur i bhfeidhm agus a chur i grích.
 
;§ 7.
:Tiocfaidh an Dlí seo i bhfeidhm an lá i ndiaidh lá a fhógairtí, seachas §3, a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 1936.
}}
 
{{Athfhriotal|
;Dlí Saoránachta an Reich
 
(Meán Fómhair 15, 1935)
Tá an Reichstag tar éis an dlí seo a leanas a ghlacadh d'aontoil, a fhógraítear leis seo:
 
;§ 1.
 
:#Is é atá i gceist le suibiacht an Stáit ná duine a thairbhíonn de chosaint an Reich Ghearmánaigh agus a bhíonn oibleagáidí sonracha orthu ina leith dá dhroim sin.
:#Baintear amach stádás shuibiacht an Stáit de réir fhorálacha Dhlí Saoránachta an Reich agus an Stáit.
 
;§ 2.
 
:#Is é atá i gceist le saoránach an Reich ná suibiacht an Stáit a bhfuil fuil Ghearmánach nó fuil ghaolmhar iontu, a chruthaíonn mar gheall ar a iompar go bhfuil sé toilteanach agus aclaí chun bheith i seirbhís ag daoine Gearmánacha agus an Reich.
:#Baintear amach saoránacht Reich trí Theastas Saoránachta Reich a dheonú.
:#Is é an saoránach Reich amháin sealbhóir na gceart polaitiúil iomlán de réir an Dlí.
 
;§ 3.
 
:Eiseoidh Aire Gnóthaí Baile an Reich, i gcomhar leis an Leas-Führer agus le hAire Dlí agus Cirt an Reich, na rialacháin Dhlíthiúla agus Riaracháin is gá chun an Dlí seo a chur i bhfeidhm agus a chur i grích.
}}
 
{{síol}}