An difríocht idir athruithe ar: "Benjamin Britten"

Content deleted Content added
m Cleanup after bot
Líne 23:
In Aibreán 1935, tháinig an stiúrthóir scannán Alberto Cavalcanti chun cainte le Britten faoi scór a scríobh don scannán faisnéiseach ''The King’s Stamp'', léirithe ag an GPO Film Unit. Tharla [[W. H. Auden]], an scríbhneoir, ag obair don GPO Film Unit ag an am sin freisin agus d’oibrigh Britten agus Auden le chéile ar na scannáin ''Coal Face'' agus ''Night Mail''. Comhoibriú dá gcuid ná an tsraith amhrán ''Our Hunting Fathers'' Op. 8, a bhí radacach maidir leis an bpolaitíocht agus leis an gceol araon. Ní ba thábhachtaí i ndeireadh na dála, casadh an t-amhránaí Peter Pears air sa bhliain 1937. Comhoibrí agus inspioráid dó a bhí in Pears, chomh maith le comrádaí, ar feadh a shaoil. Sa bhliain chéanna chum sé an ceol don ''Pacifist March'' i gcomhar Aontas Gheallta na Síochána (Peace Pledge Union), cumann a raibh sé páirteach ann, ach níor éirigh leis an saothar sin. Sa bhliain 1937, scríobh sé ceann de na saothair ba shuntasaí aige sna 1930idí, ''Variations on a Theme of Frank Bridge'' do [[ceolfhoireann|cheolfhoireann]] théadach.
 
Go luath sa bhliain 1939, lean Britten agus Pears Auden siar go Meiriceá. Ansin, an bhliain ina dhiaidh chum Britten an chéad sraith amhrán den iliomad díobh a scríobh sé do Pears, ''Seven Sonnets of Michelangelo''. Mór leis an gceapadóir [[Aaron Copland]] cheana, chuala Britten a shaothair ba dhéanaí, mar atá ''Billy the Kid'' agus ''An Outdoor Overture'', dhá shaothar a chuaigh i gcion ar a chuid cheoil féin. Scríobh sé a chéad [[cheoldráma|ceoldráma|cheoldráma]] i Meiriceá freisin, ''Paul Banyan'', ceolchluiche le leabhróg a scríobh Auden.
 
== Barr a Réime ==