An difríocht idir athruithe ar: "Galar duáin"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
No edit summary
Líne 1:
Is éard is [[galar duánach]] ann ná nuair a dhéantar dochar nó damáiste do na [[duáin]] dhá orgán atá lonnaithe san abdóman. An dá chúis chomónta don ghalar duánach is ea [[Neifríteas Ainsealach]], athlasadh a chuireann isteach ar an dá duán ag an am céanna agus [[Galar Duánach Ilchisteach]] (PKD). Is é neifrítreas ainsealach an chúis le níos mó ná 60% de na básanna ó chliseadh duáin marfach. Is [[galar oidhreachtúil]] é PKD agus is riocht níos coitianta é ná [[fiobróis chisteach]] nó [[diostróife mhatánach]].
 
An [[cóir leighis]] is ea [[scagdhealú]] a fháil. Gach bliain tarlaíonn cliseadh duánach marfach do thuairim is 170 duine agus gheobhaidís bás taobh istigh de chúpla seachtain mura rabhthas in ann aon rud a dhéanamh le feidhm a nduán atá marbh anois a shlánú. Tá tuairim is 400 duine a fhaigheann scagdhealú agus ní mór do bheagnach 230 duine freastal ar na príomhospidéil sna cathracha le haghaidh cóir leighis ar na meaisíní duáin. Déanann an chuid eile glanadh agus scagadh tarrthála sa bhaile tríd an modh [[SPSL]] (Scagdhealú Peireatóinéim Siúil Leanúnach).
 
== Naisc Sheachtaracha ==