An difríocht idir athruithe ar: "Oileánra Svalbard"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: bat-smg:Svalbards
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Topographic map of Svalbard.svg|deas|250px|thumb|Oileánra Svalbard]]
[[Íomhá:Longyearbyen colourful homes.jpg|deas|250px|thumb|Longyearbyen, príomhchathair Svalbard]]
Is [[oileánra]] é '''Oileánra Svalbard''' sa Mhuir Artach. Is é an t-oileánra seo an chuid is faide thuaidh den Iorua, nó tá sé suite leath an bhealaigh idir an Pol Thuaidh agus cósta na hIorua. Is é Spitsbergen an t-oileán is mó san oileánra. Oileáin mhóra eile iad Nordaustlandet (An Tír Thoir Thuaidh) agus Edgeøya (Oileán Edge, a thagraíonn do Thomas Edge, sealgaire míolta móra a chuaigh lena cheird timpeall Svalbard thiar i dtús na seachtú haoise déag). Níl áitreabh ceart ach ar Spitsbergen, agus is ansin atá príomhchathair na n-oileán, Longyearbyen - Cathair Longyear, a fuair a hainm ó John Munroe Longyear. Fear gnó agus gróintín mianadóireachta a bhí ann a raibh an-ról aige i bhforbairt na mianadóireachta sna hoileáin.
Is [[oileán]] é '''Oileánra Svalbard'''.
 
Dealraíonn sé go raibh an t-oileánra ar eolas ag na Lochlannaigh chomh luath leis an dara haois déag. Ainm Lochlannach é Svalbard a chiallaíonn "cladaí fuara". Mar sin féin, is gnách a rá gurbh é an taiscéalaí Ollannach Willem Barentsz a d'aimsigh Svalbard sa bhliain 1596. Is féidir, dáiríre, gurb é oileán Jan Mayen a bhí i gceist le "Svalbard" ar dtús.
 
{{síol}}