An difríocht idir athruithe ar: "Oileánra Svalbard"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 2:
[[Íomhá:Longyearbyen colourful homes.jpg|deas|250px|thumb|Longyearbyen, príomhchathair Svalbard]]
Is [[oileánra]] é '''Oileánra Svalbard''' sa Mhuir Artach. Is é an t-oileánra seo an chuid is faide thuaidh den Iorua, nó tá sé suite leath an bhealaigh idir an Pol Thuaidh agus cósta na hIorua. Is é Spitsbergen an t-oileán is mó san oileánra. Oileáin mhóra eile iad Nordaustlandet (An Tír Thoir Thuaidh) agus Edgeøya (Oileán Edge, a thagraíonn do Thomas Edge, sealgaire míolta móra a chuaigh lena cheird timpeall Svalbard thiar i dtús na seachtú haoise déag). Níl áitreabh ceart ach ar Spitsbergen, agus is ansin atá príomhchathair na n-oileán, Longyearbyen - Cathair Longyear, a fuair a hainm ó John Munroe Longyear. Fear gnó agus gróintín mianadóireachta a bhí ann a raibh an-ról aige i bhforbairt na mianadóireachta sna hoileáin.
Tá Bjørnøya, nó Oileán na mBéar, suite idir cósta na hIorua agus oileánra Svalbard. Cé nach cuid den oileánra é, is cuid de Svalbard mar aonad riaracháin é. Is é an Gobharnóir, nó ''Sysselmannen'' as Ioruais, an duine a chuireann cumhacht na hIorua i bhfeidhm ar an oileánra.
Dealraíonn sé go raibh an t-oileánra ar eolas ag na Lochlannaigh chomh luath leis an dara haois déag. Ainm Lochlannach é Svalbard a chiallaíonn "cladaí fuara". Mar sin féin, is gnách a rá gurbh é an taiscéalaí Ollannach Willem Barentsz a d'aimsigh Svalbard sa bhliain 1596. Is féidir, dáiríre, gurb é oileán Jan Mayen a bhí i gceist le "Svalbard" ar dtús.
|