An difríocht idir athruithe ar: "An Abhainn"

Content deleted Content added
m robot Modifying: it:Eridano (costellazione)
Erigena (plé | dréachtaí)
→‎Miotaseolaíocht: mír nua a chur isteach
Líne 51:
 
==Miotaseolaíocht==
Tá baint speisialta ag an Abhainn le dhá mhiotas na [[an_Ghréig|Gréige]], agus is dócha go mbaineann an dá cheann acu le cruth na réaltbhuíne seo (.i. slí an-chasta). Uaireanta d'fheictí ar Eridanus mar abhainn a rith as uiscí an [[an_tUisceadóir|Uisceadóra]]; sa chás seo, caithfidh go samhlaítear an tUisceadóir agus é ag tabhairt a aghaidhe ar an Abhainn, rud nach féidir a dhéanamh gan dealramh an Uisceadóra a athchum i gcaoi go scairdeann an t-uisce amach ar an taobh céanna den Abhainn.
 
Go coitianta baineann réaltbhuíon na Abhann le miotas [[Faetón]], mac [[Héilias]] (.i. na Gréine), a bhain triail as carbad a athar a thiomáint lá amháin, ach ní raibh an méid sin nirt aige na capaill a smachtú, agus sciurd an carbad i ngach treo. Deireadh an scéil ná gur tháinig an carbad ró-ghar don domhan; chlaochlaíodh ranna den domhain go gaineamhlach agus dódh craiceann na daoine a bhí ina gcónaí sna ranna úd (agus is é sin is cúis le craiceann gorm na [[an_Aetóip|nAetóipeach]], de réir na seanghréagach). Chuir [[Séas]] isteach ag an bpointe seo; leag sé Faetón marbh le saighneán, agus thit sé isteach in abhainn Pó san [[an_Iodáil|Iodáil]].
 
Ar dtús ionannaíodh an réaltbhuíon leis an slí a bhreac Faetón ar an spéir, ach ina dhiaidh sin chonacthas uirthi mar an abhainn ar thit Faetón isteach inti.
 
==Réaltaí==