An difríocht idir athruithe ar: "Nasctheanga"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: zh-min-nan:Pidgin gí-giân
No edit summary
Líne 1:
Is é is '''nasctheanga''' nó '''pidgin''' ann ná teanga nach bhfuil ó dhúchas ag aon duine, agus í á húsáid mar ghléas comhchumarsáide nó [[francbhéarla]] idir dreamanna eitneacha éagsúla. Bíonn na nasctheangacha bunaithe ar na teangacha móra domhanda, de ghnáth, ach amháin nach bhfuil ach freastal an ghéar-riachtanais fágtha d'fhoclóir agus de ghramadach na bunteanga sin.
 
Teangacha is ea iad na nasctheangacha a thagann ar an bhfód go spontáineach, de thoradh na teagmhála idir teangacha éagsúla. Mar sin, ní nasctheanga í an teanga [[Esperanto]], siúd is go bhfuil bunlitríocht an-saibhir aici, agus go bhfuil a córas gramadaí go hiomlán neamhspleách ar aon teanga náisiúnta. Tugtar teanga phleanáilte uirthi, bíodh is go bhfuil sí ag fás is ag forbairt san úsáid laethúil ar fud an domhain le breis is 120 bliain anuas.
 
Cé go mbíonn na nasctheangacha simplí, ní hionann sin is a rá nach mbeadh gramadach ar leith acu. Ní féidir leat, abair, an Béarla a shimpliú mar is mian leat agus nasctheanga a thabhairt air sin.
 
== Comhthréithe na nasctheangacha ==
 
Bíonn na nasctheangacha cosúil le chéile ó thaobh na gramadaí, is é sin, is féidir comhchlaontachtaí a aithint fiú i nasctheangacha a d'fhorbair beag beann ar a chéile:
 
* bíonn struchtúr na habairte sách simplí agus ní bhíonn fochlásail ann
 
* bíonn [[Códa (teangeolaíocht)|códaí]] na siollaí á simpliú nó ag titim ar lar
 
* bíonn na cairn chonsain ag titim as a chéile nó á simpliú
 
* ní bhíonn ach na gutaí is bunúsaí ann (a, e, i, o, u)
 
* ní bhíonn na nasctheangacha tonúil
 
* úsáidtear focail scartha le haimsirí na mbriathar a chur in iúl
 
* deirtear an focal faoi dhó le ciall na huimhreach iolra nó na sárchéime a bhronnadh air
 
== Nasctheangacha tábhachtacha ==