An difríocht idir athruithe ar: "An tSúlúis"

Content deleted Content added
No edit summary
m Naisc
Líne 10:
}}
 
Ceann de na [[teanga (cumarsáid)|teangacha]] i gcraobh Nguni na dteangacha Bantúcha í an t'''Súlúis''', nó '''isiZulu''', mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Tá sí ó dhúchas ag deich milliún duine, an chuid is mó acu san [[Afraic Theas]], go háirithe i g[[Cúige KwaZulu-Natal]]. Glactar leis, áfach, go bhfuil duine as gach beirt san Afraic Theas in ann adhmad éigin a bhaint as caint Súlúise. Sa bhliain 1994, bronnadh [[Teanga oifigiúil|stádas oifigiúil]] ar an tSúlúis san Afraic Theas in éineacht le deich dteanga eile.
 
Tá an tSúlúis ar an dara ceann is mó a labhraítear de na teangacha Bantúcha. Níl ach an teanga Shona, príomhtheanga na [[An tSiombáib|Siombáibe]], níos mó ná an tSúlúis ó thaobh líon na gcainteoirí de. Leis na [[Aibítir Laidineach|litreacha Laidineacha]] a scríobhtar an tSúlúis, agus cosúil leis na teangacha Bantúcha eile san Afraic Theas, bhí sí go mór mór faoi thionchar na teanga [[Xhosa]].
 
Tá an tSúlúis réasúnta cosúil leis na teangacha Bantúcha eile, is é sin, tá réimír rangúcháin i dtús gach ainmfhocal, agus cuirtear an réimír chéanna leis na haidiachtaí agus na foirmeacha briathair atá faoi réir an ainmfhocail san abairt:
 
:'''B'''onke '''aba'''ntu '''aba'''qatha '''ba'''sepulazini '''ba'''yagawula.
:"Tá fir láidire na feirme go léir amuigh ag leagan crann."
:(Is é '''aba'''ntu (na fir, na daoine) an t-ainmfhocal, agus '''aba''' (nó '''ba''', '''b''' ag cineálacha áirithe focal) an réimír.)
 
{{IdirVicí|cód=zu}}
{{stumpa}}
 
[[Catagóir:Teangacha na hAfraice|Suluis]]
 
[[af:Zoeloe]]