An difríocht idir athruithe ar: "An tSicilis"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: bg:Сицилиански език
MacTire02 (plé | dréachtaí)
alpha
Líne 1:
[[Teangacha Rómánsacha|Teanga Rómánsach]] í an '''Sicilisan tSicilis''' a labhraítear sa [[an tSicil|tSicil]]. Tá an chanúint sin le cloisteáil ar fud na Sicile agus na n-oileán beag ina timpeall. Thairis sin, labhraítear canúintí gaolmhara i gcodanna de réigiúin [[Puglia]] agus [[Calabria]] ar an mórthír. Ar ndóigh, is féidir teacht trasna ar imirceánaigh ón tSicil i dtíortha móra an [[Béarla|Bhéarla]], na [[SAM|Stáit Aontaithe]] ach go háirithe, a bhfuil an teanga go líofa acu i gcónaí.
 
Fuair an tSicilis cuid mhaith focal ar iasacht ón n[[Gréigis]], ón [[Araibis]], ón tseantSean-Fhraincis. Is deacair a rá, áfach, cathain a thosaigh sí á forbairt. Níl na teangeolaithe cinnte, ar mhair aon leagan den [[Laidin]] thruaillithe á labhairt nuair a bhí na hArabaigh i seilbh an oileáin, nó ar cuireadh an chéad síol leis an tSicilis i ndiaidh bhlianta an Arabachais. Tá sé sábháilte a rá nach bhfuil an tSicilis leath chomh sean leis an t[[Sairdínis]], ach mar sin féin, maireann cupla focal sa teanga a bhfuil an-seanchuma orthu. Más fíor nár tháinig an Laidin thruaillithe, as ar fáisceadh an tSicilis, - más fíor nár tháinig sí go dtí an tSicil ach i ndiaidh imeacht na nArabach, b'as Cúige Campania ba mhó a tháinig sí, agus blas na gcríoch sin uirthi.
 
Ní úsáidtear mórán Sicilise i [[litríocht]] inniu, ach amháin ar mhaithe leis an gcanúnachas. Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún liteartha ag an gcanúint a théann siar a fhad leis an dara nó an tríú haois déag. Sna blianta sin, bhí scoil [[filíocht]]a ag cumadh dánta agus laoithe Sicilise san oileán in aithris ar fhilíocht na dtrúbadóirí i nDeisceart na Fraince.
Líne 9:
Níltear cinnte, an bhfuil mórán todhchaí i ndán don tSicilis, áfach. De réir mar atá an scoil ag cur na hIodáilise caighdeánaithe i mbéal na ndaoine óga, tá an tSicilis ag imeacht. Is dócha gurb é [[Mafia]] an chosaint is fearr atá ag an [[teanga (cumarsáid)|teanga]], íorónta go leor. Nó is léir go bhfuil sé ag teacht isteach úsáideach ag na coirpeoirí teanga rúnda a bheith acu nach bhfuil intuigthe ag na péas.
 
{{DEFAULTSORT:Sicilis}}
[[Catagóir:Teangacha Ind-Eorpacha]]
[[Catagóir:An tSicil]]