An difríocht idir athruithe ar: "Úrscéal"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: oc:Roman
m Nasc
Líne 15:
Úrscéalaí eile a bhí i [[Séamus Ó Néill]], a rinne iarracht saol na cathrach a léiriú ach nár éirigh leis carachtair sách domhain a chruthú, agus [[Tarlach Ó hUid]], scríbhneoir ionraic a bhí teoranta ó thaobh na teanga agus na samhlaíochta de. Is é an t-úrscéal is fearr le Séamus Ó Néill ná ''Máire Nic Artáin''. Scéal grá é a thugann cur síos ar chleamhnas agus phósadh an chailín Chaitlicigh agus an bhuachalla Phrotastúnaigh i sochaí dheighilte an Tuaiscirt, agus d'fhéadfaí é a chur i gcomparáid leis na húrscéalta don aos óg a chum an scríbhneoir Albanach [[Joan Lingard]] faoi Kevin agus Sadie.
 
Úrscéalta doimhne machnamhacha iad ''Néal Maidine agus Tine Oíche''(1964), agus ''An Branar gan Cur''(1979) a scríobh [[Breandán Ó Doibhlin]]. Thug [[Eoghan Ó Tuairisc]] faoin [[úrscéal stairiúil]] i ''L'Attaque'', sárinsint ar eachtraí feirmeora as Maigh Eo a ghlacann páirt in [[Éirí Amach 1798 in Éirinn|Éirí Amach 1798]], agus ''Dé Luain'' (1966) iarracht ar an chéad lá d'[[Éirí Amach na Cásca]] 1916 a athchruthú trí shruthanna machnaimh na bpríomhcharachtar.
 
Is é ''Fonn a Níos Fiach'' (1978) an saothar is fearr de chuid Phádraig Uí Mhaoileoin, fear a scríobh ''Bríde Bhán'' freisin. Scríbhneoir Gaeltachta ó Chiarraí ab ea Pádraig, ach Gaeltacht eile ar fad a thaispeáin sé ina chuid leabhar seachas Gaeltacht Pheig agus an Oileánaigh. Bhí gaol dlúth aige leis an Oileánach, agus chuir sé an leabhar ''An tOileánach'' féin in eagar le haghaidh glúin nua léitheoirí.