An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Riain"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 10:
Ba chliobaire d’fhear groí é an Rianach agus féasóg fhada dhubh air. Blagaid air. É gealgháireach i gcónaí agus mór le cách, rud a cheil (dar leis an Domhnallach) an dáiríreacht a bhí ann. Fear mór iománaíochta ba ea é a thacaigh go tréan leis an gclub áitiúil. Bhí cuma Ghaelach fiú ar a mhodh imeachta, ó b’eisean an t-aon duine amháin i Sydney a raibh ''jaunting car'' aige agus í le feiceáil ar Bhóthar Bhotainí laethanta saoire. Bhí teach tábhairne aige i Sráid Sheoirse Thiar i Sydney, agus eolas le fáil air ó chuntas bríomhar Niocláis Uí Dhomhnaill air: ochtar nó deichniúr páistí ag cleachtadh ríle nó poirt thuas an staighre, fidiléir agus píobaire le cloisteáil, gasra Muimhneach ag cíoradh chúrsaí an lae i nGaeilge i bparlús eile, fear an tí ina dhuine den chuideachta ó am go chéile, lucht imeartha cártaí go glórach ina gclúid féin: ‘An t-aon!’ ‘An t-aon harta!’ ‘Sonas ar do láimh, a bhuachaill,’ ‘An cuireata!’ ‘Mo ghraidhn thú, a Mhíchíl,’ ‘An cíoná!’ ‘T’anam ‘un Dia,’ ‘Is linne an cluiche’.
 
Bhí an Rianach ar a dhícheall ag cur chúis an Rialtais Dhúchais in Éirinn chun cinn, é ina bhall de choistí agus d’fhochoistí agus airgead á bhailiú aige. Cailleadh é sa bhliain 1905 in aois a aon bhliain amháin is dhá scór – bás roimh aois – agus fuarthas teachtaireacht chomhbhróin ó Willy Redmond, ceannaire an pháirtí Éireannaigh i Westminster. Ní fios cén taobh a rachadh sé leis tar éis Sheachtain na Cásca, nuair a bhí na seanchuspóirí imithe le gaoth agus Éire de shaghas nua ag teacht ar an saol.
 
== Tagairtí ==