An difríocht idir athruithe ar: "Seosamh Ó Longáin"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Bhí '''Seosamh Ó Longáin''' (1817-1880) ar na [[scríobhaí|scríobhaithe]] gairmiúla deireanacha [[Gaeilge]] roimh an athbheochan. Deartháir le Peadar Ó Longáin, scríobhaí suntasach eile, ba ea é.
 
Bhain na deartháireacha leis an tríú glúin de threabhchas scríobhaithe ó [[Contae Chorcaí|Chontae Chorcaí]], dream a sholáthair an t-uafás lámhscríbhinní, go háirithe sa [[19ú haois]]. Rinne Seosamh féin os cionn céad lámhscríbhinní, agus tugadh beirt acu (''An Táin'' agus ''Brisleach Mhór Mhuighe Muirtheimhne'') chomh fada leis [[an Astráil]]. Bhí lámh dheas shoiléir aige.