An difríocht idir athruithe ar: "Seosamh Ó Longáin"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Bhí '''Seosamh Ó Longáin''' (1817-1880) ar na [[scríobhaí|scríobhaithe]] gairmiúla deireanacha [[Gaeilge]].<ref>http://www.academiccentre.stmarys.newman.unimelb.edu.au/?page_id=154</ref> Deartháir le Peadar Ó Longáin, scríobhaí suntasach eile, ba ea é, agus ba é a n-athair Mícheál Óg Ó Longáin, scríobhaí agus file iomráiteach.
 
Bhain na deartháireacha leis an tríú glúin de threabhchas scríobhaithe ó [[Contae Chorcaí|Chontae Chorcaí]], dream a sholáthair an t-uafás lámhscríbhinní, go háirithe sa [[19ú haois]]. Rinne Seosamh féin os cionn céad lámhscríbhinní, agus tugadh beirt acu (''An Táin'' agus ''Brisleach Mhór Mhuighe Muirtheimhne'') chomh fada leis [[an Astráil]]. Bhí lámh dheas shoiléir aige.