An difríocht idir athruithe ar: "Tiarna na bhFáinní"

Content deleted Content added
ceartúchán - seo Panu ó ríomhaire na hollscoile
Líne 2:
[[Úrscéal]] eipiciúil fantaisíochta is ea é '''Tiarna na bhFáinní''' ([[Béarla]]: ''The Lord of the Rings'') leis an Ollamh le Léann na Meánaoiseanna [[J. R. R. Tolkien]]. I dtús báire, ní raibh ann ach scéal leantach don ''[[An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís|Hobad]]'', a chum sé do na páistí roimhe sin, ach sa deireadh thiar, b'é ''Tiarna na bhFáinní'' a thabhaigh an cháil dhomhanda dó. Scríobh sé an t-úrscéal de réir a chéile idir na blianta [[1937]] agus [[1949]], cuid mhaith de i mblianta an [[Dara Cogadh Domhanda]]. Nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló, foilsíodh ina thrí imleabhar é sna blianta [[1954]] agus [[1955]]. Le fírinne, ní mar thríológ a scríobh Tolkien é ar dtús, agus chuir sé as dó go gcaithfí an leabhar a fhoilsiú san fhoirm seo, ach ní bheadh sé praiticiúil ag an teach foilsitheoireachta an t-iomlán a chur i gcló faoi chlúdach aon leabhair amháin, san am. Ó sin i leith, is iomaí eagrán nua a tógadh den leabhar, agus haistríodh é go hocht dteanga déag is fiche, ar a laghad. Áirítear ar ceann d'úrscéalta móra na fichiú haoise é.
 
Tá an scéal suite i ndomhan arb ionann é, ar bhealach, agus an domhan s'againn, ach san am céanna, is domhan é a bhí ann in aois réamhstairiúil nachnár bhfacafágadh ina diaidh ach macallaí doiléire. Ní hionann an mapa féin sa domhan seo agus inár ndomhan féin. Bhain Tolkien leas as a lán miotaseolaíochtaí le stair an domhain seo a sceitseáil. Mar shampla, tá tagairt ann do mhiotas Atlantis, ar thug sé Númenor air sa scéal seo. Nuair a thit imeachtaí Thiarna na bhFáinní amach, bhí Númenor imithe le fada, agus a mhuintir socraithe síos sa [[An Meán-Domhan (Tolkien)|Mheán-Domhan]], mar a thug Tolkien ar an ilchríoch arb í príomhláthair na n-imeachtaí í - ''Middle-earth'' as Béarla. Tá an t-ainm seo bunaithe ar ''Middangeard'' an tSean-Bhéarla agus ar ''Miðgarður'' na hÍoslainnise. Sin é an t-ainm a thug miotaseolaíocht an dá theanga seo ar an domhan inar chónaigh an cine daonna.
 
Sa scéal, castar orainn pobail éagsúla a bhfuil baint acu go léir leis na himeachtaí, cosúil leis na Hobaid (''hobbits''), na hEilbh (''elves''), na Daoine, na hAbhaic (''dwarves''), na Draíodóirí (''wizards'') agus na hOirc (''orcs''). Is iad na Fáinní Cumhachta a cheanglaíonn cinniúintí na ndreamanna éagsúla seo dá chéile. B'é Sauron, an Tiarna Dubh, a shaoirsinigh an ceann is mó de na Fáinní le teas an bholcáin úd Orodruin, nó Sliabh na Cinniúna (Béarla: ''Mount Doom''). Le cumhacht an fháinne seo, is féidir leis smacht a choinneáil ar na fáinní cumhachta eile. Mar sin, leis an mbagairt seo a chur ar neamhní, ní mór an fáinne sin a dhíothú le tine an bholcáin chéanna.