An difríocht idir athruithe ar: "Poblacht na hÉireann"

no edit summary
m (Íomhá)
==Polaitíocht==
 
Is [[poblacht]] í Éire, le córas parlaiminte mar rialtas aici. Toghtar [[UachtaráinUachtarán na hÉireann]], a freastalaíonn mar [[ceann stáit|cheann stáit]], i gcomhair tréimhse 7 mbliana, le cead seasaimh arís uair amháin eile. Is post ainmniúil í an Uachtarán don chuid is mó, ach tá roinnt smacht agus feidhmeanna aige de réir an bhunreachta, le cabhair ó [[Comhairle an Stáit|Chomhairle an Stáit]], ionad comhairleora. Ceaptar an [[príomhaire]], an [[Taoiseach]], ag an Uachtarán tar éis moladh an [[Dáil Éireann|Dáil]]. Go hiondúil, is ceannaire páirtí polaitíoch é an Taoiseach, nó ceannaire [[comhrialtas]] a bhuann an méid is mó suíochán sna toghcháin náisiúnta.
 
Is iad an seanad, [[Seanad Éireann]], agus an teach ionadaithe, [[Dáil Éireann]], dá sheomra an [[parlaimint|pharlaimint]], an [[Oireachtas]]. Tá 60 sa Seanad; 11 molta ag an Taoiseach, 6 tofa ag na hollscoileanna náisiúnta, agus 43 tofa ó chláranna iarrthóirí atá bunaithe de réir córas gairmiúil. Sa Dáil tá 166 [[Teachta Dála|Teachtaí Dála]], nó sa Bhéarla – ''Deputies'', tofa mar ionadaithe dáilcheantair ilsuíocháine, de réir [[ionadaíocht chionmhar]] cruthaithe ag úsáid an [[Vóta Aonair Inaistrithe]]. Faoi [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht na hÉireann]], 7 mbliana an tréimhse is faide atá ceadaithe idir thoghcháin parlaiminte – ach is féidir tréimhse níos giorra a chur i ndlí. Faoi láthair, is í 5 bliana an tréimhse is faide atá ceadaithe idir thoghcháin.
Úsáideoir gan ainm