An difríocht idir athruithe ar: "Dunnstown, Victoria"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Baile beag de chuid [[Victoria (stát)|Victoria]] san [[Astráil]] is ea '''Dunnstown'''. Tá sé suite i Sír Moorabool in aice le [[Ballarat]] agus tá foraois ina chóngar. Bhíodh gasraí de na [[Wathaurong]], pobal [[Bundúchasaigh na hAstráile|Bundúchasach]], ina gcónaí ann, agus ina dhiaidh sin d'fhág na [[Gael-Astrálaigh|hÉireannaigh]] a rian air.
 
De réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006, bhí 254 duine ina gcónaí i nDunnstown agus sa cheantar máguaird. Níor de shliocht Bundúchasach aon duine acu.<ref>[http://www.censusdata.abs.gov.au/ABSNavigation/prenav/LocationSearch?collection=Census&period=2006&areacode=SSC25521&producttype=QuickStats&breadcrumb=PL&action=401 Daonra Dunnstown 2006.]</ref>
 
==Stair==
Bhain timpeall 5,500 Éireannach [[Port Phillip]] amach idir na blianta 1846 agus 1851. Thaitin Dunnstown lena lán acu toisc go raibh sé i ngar do Bhallarat agus go raibh fáil ar obair, go háirithe nuair a tháinig an bóthar iarainn sna seachtóidí. Chomh maith leis sin, bhí Dunnstown in aice leis an mbóthar idir Ballarat agus [[Melbourne]]. Bhí talamh á dhíol ina mhíreanna beaga ann, rud eile a mheall na hÉireannaigh.
 
Ar dtús bhí an ceantar go léir faoi chrainn. Bhí dhá mhuileann sábhadóireachta in aice le Dunnstown i gcaogaidí an [[19ú haois]], iad ag soláthar adhmaid do na [[mianadóireacht|mianadóirí]] óir timpeall Ballarat, agus búistéirí agus siopaí ann chun freastal ar na hoibrithe foraoise. Dhún na muilinn sna seascaidí agus cuid mhaith den talamh glanta acu, rud a chuaigh ar sochar don fheirmeoireacht agus an ithir chomh méith sin. Sholáthraíodh na feirmeoirí eorna don drioglann nó gur dhún sí. Ní raibh cruithneacht oiriúnach don cheantar ach d'éirigh thar barr leis na prátaí de bharr na báistí, na hithreach bolcánaí agus fhionnuartas na háite.
Tá seanmhianach caoilín le fáil timpeall 500 méadar soir ón sráidbhaile. Is furasta d'eibhear na háite mionbhruar a dhéanamh de bharr a bhfuil d'iathchloch ann, agus de sin a thagann an caoilín.
 
Rinneadh "Éire bheag" den cheantar agus na hÉireannaigh ag maireachtáil ar scáth a chéile ann. Bhí [[Gaeilge]] ag cuid mhór de na seandaoine. Bhí na nósanna céanna agus an creideamh céanna ag na hÉireannaigh, agus de réir a chéile d'fhág na Sasanaigh[[Sasana]]igh agus [[Albain|hAlbannaigh]] an ceantar. Tógadh scoil Chaitlicigh ann a raibh Siúracha Naomh Seosamh ag múineadh inti, agus iad ag freastal ar sheandaoine agus ar dhaoine tinne chomh maith. Tá an scoil ann fós.
 
D'oscail oifig an phoist ar 21 Samhain 1864, agus i gceann tamaill cuireadh malartán guthán ar bun inti. Dhún sí sa bhliain 1980.<ref>[https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country= Premier Postal History: Post Office List.]</ref>
 
==Sliabh Warrenheip==
Seanbholcánach atá os cionn Dunnstown is ea Sliabh Warrenheip, agus ciallaíonn an t-ainm "cleití éimiú". Na [[Wathaurong]], pobal Bundúchasach na háite, a thug an t-ainm sin air agus iad ag cuimhneamh ar a raibh de raithneach ann. Tá sé 741 méadar faoi gcuairt agus 170 méadar ar airde.
 
Bhí an [[bolcán]] beo idir 50,000 agus 100,000 bliain ó shin, agus ritheadh an laibhe ó dheas. D'fhág sí timpeall cúig sraith basailt ina diaidh agus gach ceann acu idir deich méadar agus fiche méadar ar dhoimhne.
 
Bhíodh Sliabh Warrenheip faoi chrainn ar fad nó gur leagadh cuid mhaith acu i lár an 19ú haois le haghaidh mianach, tithe agus páipéir. Nuair a tháinig deireadh leis an lománaíocht d'fhas na crainn arís, agus is dócha go bhfuil a oiread crann anois ann is a bhí riamh.
Líne 31:
Teach galánta trí hurlár is ea "Kilarney Mansion" agus é tógtha ag an toicí Thomas O'Loughlin sa bhliain 1853. Athmhianadóir ba ea an Lochlannach, agus fuair sé slám maith airgid óna uncail Máirtín Mór le hoidhreacht.
 
Bhí an Lochlannach ina Chaitliceach díograiseach, agus thug sé airgead mór don Eaglais chun scoil agus séipéal a thógáil. Rinne [[an Pápa]] cunta de de bharr a fhéile, agus luaití go coitianta leis mar "Count O'Loughlin".
 
==Spórt==
Tá foireann peile ag Dunnstown agus í páirteach sa Central Highlands Football League.<ref> [http://www.fullpointsfooty.net/dunnstown.htm Dunnstown: Full Points Footy]</ref>
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
==Féach freisin==
 
* Cahir, Dianne: ''Spuds, Saints and Scholars: Irish settlement & the development of Catholicity at Dunnstown''. B&W 1998.
 
* [http://www.sbdunnstown.catholic.edu.au/Dunnstown/] Eolas ar stair Dunnstown ar líne.
==Naisc==
 
'''Bailte i Sír Moorabool, an Astrail'''
* [[Bacchus Marsh]]
Line 70 ⟶ 60:
* [[Wallace]]
* [[Yendon]]
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
==Féach freisin==
 
* Cahir, Dianne: ''Spuds, Saints and Scholars: Irish settlement & the development of Catholicity at Dunnstown''. B&W 1998.
 
* [http://www.sbdunnstown.catholic.edu.au/Dunnstown/] Eolas ar stair Dunnstown ar líne. ]
 
 
[[Catagóir:Bailte i Victoria]]
 
[[en:Dunnstown, Victoria]]