An difríocht idir athruithe ar: "Virginia Woolf"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
No edit summary
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Líne 19:
=== A Céad Óige ===
[[Íomhá:Julia Stephen with Virginia on her lap 1884.jpg|thumb|180px|Virginia óg ar ghlúin a máthar, le Henry H. H. Cameron, 1884]]
Rugadh Virginia Adeline Woolf (''née'' Stephen) i [[Londain|Londain Shasana]] sa bhliain 1882. Rugadh a máthair, spéirbhean chlúiteach a raibh Julia Prinsep Stephen (''née'' Jackson) uirthi, san [[India]] sa bhliain 1846 agus b'iad an dochtúir John agus Maria Pattle Jackson a tuismitheoirí. D'aistrigh máthair Virginia Woolf anoir go Sasana sa bhliain 1848,<ref name="jackson">Julia Prinsep Jackson, c.1856 http://libproxy.smith.edu/libraries/libs/rarebook/exhibitions/stephen/31a.htm</ref> agus beadh sí ina cuspa d'ealaíontóirí réamh-Rafaeilíteacha le leithéid [[Edward Burne Jones]].<ref name="jackson"/> Ba staraí aithnidiúil, údar, léirmheastóir agus sléibhteoir é athair Virginia Woolf, Sir Leslie Stephen.<ref>Alan Bell, ‘Stephen, Sir Leslie (1832–1904)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, Sept 2004; online edn, May 2006</ref>
 
Fuair Virginia Woolf a cuid oideachais óna tuismitheorí sa teach acu, a bhí suite ag 22 Hyde Park Gate,<ref>British History Online http://www.british-history.ac.uk/report.aspx?compid=47515</ref> [[Kensington]]. Beadh an teach lán de leabhair i gcónaí agus ba chlann í clann Sir Leslie Stephen a raibh neart gaolta agus cairde móra-le-rá aici, go háirithe i measc an aois liteartha. Ba bhaintreach agus baintreach fir iad tuismitheoirí Virginia Woolf nuair a phós siad, agus mar thoradh air sin bhí leasleanaí ag an bheirt acu, mar atá, páistí Julia Stephen agus Herbert Duckworth: George Duckworth, Stella Duckworth agus Gerald Duckworth; agus ar an taobh eile bhí 'níon Sir Leslie Stephen agus Harriet Marian (Minny) Thackeray (1840–1875): Laura Makepeace Stephen, a raibh éislinn mheabhrach uirthi agus a chónaigh sa teach go dtí gur cuireadh in áras meabhairghalair í sa bhliain 1891.<ref>Robert Meyer, 1998, Case Studies in Abnormal Behaviour, Allyn and Bacon</ref> Rugadh ceathrar páiste do Julia agus Leslie Stephen: Vanessa Stephen (1879), Thoby Stephen (1880), Virginia Stephen (1882) agus Adrian Stephen (1883).