An difríocht idir athruithe ar: "Virginia Woolf"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Líne 23:
Fuair Virginia Woolf a cuid oideachais óna tuismitheorí sa teach acu, a bhí suite ag 22 Hyde Park Gate,<ref>British History Online http://www.british-history.ac.uk/report.aspx?compid=47515</ref> [[Kensington]]. Beadh an teach lán de leabhair i gcónaí agus ba chlann í clann Sir Leslie Stephen a raibh neart gaolta agus cairde móra-le-rá aici, go háirithe i measc an aois liteartha. Ba bhaintreach agus baintreach fir iad tuismitheoirí Virginia Woolf nuair a pósadh iad, agus mar thoradh air sin bhí leasleanaí ag an bheirt acu, mar atá, páistí Julia Stephen agus Herbert Duckworth: George Duckworth, Stella Duckworth agus Gerald Duckworth; agus ar an taobh eile bhí iníon Sir Leslie Stephen agus Harriet Marian (Minny) Thackeray (1840–1875): Laura Makepeace Stephen, a raibh éislinn mheabhrach uirthi agus a chónaigh sa teach go dtí gur cuireadh in áras meabhairghalair í sa bhliain 1891.<ref>Robert Meyer, 1998, Case Studies in Abnormal Behaviour, Allyn and Bacon</ref> Rugadh ceathrar páiste do Julia agus Leslie Stephen: Vanessa Stephen (1879), Thoby Stephen (1880), Virginia Stephen (1882) agus Adrian Stephen (1883).
 
Ba thimpeallacht lán de thionchar an aois liteartha Victeoiriaigh é baile Virginia Woolf, as siocair Sir Leslie Stephen a bheith chomh tábhachtach sna hearnálacha léirmheastóireachta, beathaisnéisí agus eagarthóireachta, agus ar a bharr sin ar an nasc pearsanta a bhí aige leis an údar [[William Makepeace Thackeray]] (ba í bean Sir Leslie Stephen, Harriet Thackeray, an iníon b'óige de chuid [[William Makepeace Thackeray|Thackeray]]). I measc na gcuairteoirí rialta ar an teach, bhí [[Henry James]], George Henry Lewes, Julia Margaret Cameron (aintín Julia Stephen), agus James Russell Lowell, a bhí mar chara Críost oinigh ag Virginia.
[[Íomhá:Burne ,Princess Sabra Led to the Dragon.jpg|thumb|left|200px|Julia Prinsep Stephen le Edward Burne-Jones, 1866]]
Ní raibh máthair Virginia Woolf gan bhaint aici le pearsana mhóra an lae ach an oiread. Ba bhanghiolla de chuid [[Marie Antoinette na hOstaire]] í duine de shinsearaigh Julia Stephen, agus tá a lán banghaolta de chuid Julia (í féin san áireamh) le feiceáil sna phictiúir is ghrianghraif réamh-Rafaeilíteacha, inar oibrigh siad mar chuspaí.