An difríocht idir athruithe ar: "Virginia Woolf"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Líne 27:
Ní raibh máthair Virginia Woolf gan bhaint aici le pearsana mhóra an lae ach an oiread. Ba bhanghiolla de chuid [[Marie Antoinette na hOstaire]] í duine de shinsearaigh Julia Stephen, agus tá a lán banghaolta de chuid Julia (í féin san áireamh) le feiceáil sna phictiúir is ghrianghraif réamh-Rafaeilíteacha, inar oibrigh siad mar chuspaí.
 
Bhí leabharlann fhairsing chumsitheach sa teach acu, agus b'í seo an áis oideachais ba thábhachtaí a raibhbhí ag Virginia agus ag a deirfiúr Vanessa, mar nach bhfuair siad an t-oideachas foirmiúil a bhí ar fáil dá deartháireacha. B'údar éada é seo do Virginia Woolf riamh, agus b'oth léi nár cuireadh í ar chomhchéim leofar, a seoladh chun na [[Cambridge|Droichid Caim]], áit ina bhfuair siad oideachas den chéad scoth.<ref>To the Lighthouse le Virginia Woolf, 1927</ref>
 
Dar le cuimhní cinn Virginia Woolf, áfach, nárbh ea Londain, ach St. Ives i g[[Corn na Breataine]] an áit a raibh cumha aici dó. Is ann a chaith sí gach samhradh i dteanna a muintire go dtí an bhliain [[1895]]. Tá teach saoire mhuintir Stephen, ''Talland House'', fós ina sheasamh sa lá atá inniu ann, gidh go bhfuil sé athchóirithe anois i gceithre shó-árasán ag an úinéir nua.<ref>[http://www.tallandhouse.com/ Suíomh idirlíne Talland House]</ref> Tá tábhacht agus tionchar thírdhreach Chorn na Breataine le sonrú tríd síos shaothair Virginia Woolf, ach tagann an tagairt is starógaí dá bhfuil iontu chun cinn san úrscéal ''To the Lighthouse'', scéal ina bhfuil tábhacht ar leith ag teach solais atá suite cúpla míle amuigh ón chósta. Tá an teach solais féin bunaithe ar an teach solais ag Godrevy, in iarthar Chorn na Breataine.