An difríocht idir athruithe ar: "Virginia Woolf"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Líne 31:
Dar le cuimhní cinn Virginia Woolf, áfach, nárbh ea Londain, ach St. Ives i g[[Corn na Breataine]] an áit a raibh cumha aici dó. Is ann a chaith sí gach samhradh i dteanna a muintire go dtí an bhliain [[1895]]. Tá teach saoire mhuintir Stephen, ''Talland House'', fós ina sheasamh sa lá atá inniu ann, gidh go bhfuil sé athchóirithe anois i gceithre shó-árasán ag an úinéir nua.<ref>[http://www.tallandhouse.com/ Suíomh idirlíne Talland House]</ref> Tá tábhacht agus tionchar thírdhreach Chorn na Breataine le sonrú tríd síos shaothair Virginia Woolf, ach tagann an tagairt is starógaí dá bhfuil iontu chun cinn san úrscéal ''To the Lighthouse'', scéal ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le teach solais atá suite cúpla míle amuigh ón chósta. Tá an teach solais féin bunaithe ar an teach solais ag Godrevy, in iarthar Chorn na Breataine.
 
D'fhulaing Virginia Woolf ana chéadcéad cliseadhchliseadh néarógach in aois trí bliana déag di, i ndiaidh bháis tobainn a máthar sa bhliain [[1895]]. Níorbh fhada gur bhuail tubaiste eile muintir Stephen, is é sin, bás leathdheirfiúr Virginia Woolf, Stella Duckworth, dhá bhliain ina dhiaidh sin. Níorbh iad tubaistí dosheachanta amháin a d'fhág a rian ar anam is ar aigne Virginia Woolf le linn a hóige, áfach. Nochtaigh sí san alt ''A Sketch of the Past'' (1939) go mbíodh a dá leathdheartháir, Gerald agus George Duckworth, ag tabhairt drochíde ghnéis uirthi féin agus ar a dheirfiúr Vanessa ar bhonn córasach. [[Íomhá:Virginia Woolf with her father, Sir Leslie Stephen.jpg|thumb|right|200px|Virginia Woolf i gcuideachta a hathar le [[George Charles Beresford]], 1902]]
 
In ainneoin a hanró, áfach, d'éirigh le Virginia cúrsa staidéir a chur i gcrích in ionad na mban i gColáiste an Rí i Londain Shasana. Sna blianta idir 1897 is 1901, rinne Woolf staidéar ar an [[Gearmáinis|Ghearmáinis]], ar an [[Laidin]], ar an [[Gréigis|Ghréigis]] agus sa stair.<ref>http://www.kirjasto.sci.fi/vwoolf.htm</ref>