An difríocht idir athruithe ar: "Virginia Woolf"
Content deleted Content added
Líne 33:
D'fhulaing Virginia Woolf a céad chliseadh néarógach in aois trí bliana déag di, i ndiaidh bháis tobainn a máthar sa bhliain [[1895]]. Níorbh fhada gur bhuail tubaiste eile muintir Stephen, is é sin, bás leathdheirfiúr Virginia Woolf, Stella Duckworth, dhá bhliain ina dhiaidh sin. Níorbh iad tubaistí dosheachanta amháin a d'fhág a rian ar anam is ar aigne Virginia Woolf le linn a hóige, áfach. Nochtaigh sí san alt ''A Sketch of the Past'' (1939) go mbíodh a dá leathdheartháir, Gerald agus George Duckworth, ag tabhairt drochíde ghnéis uirthi féin agus ar a dheirfiúr Vanessa ar bhonn córasach. [[Íomhá:Virginia Woolf with her father, Sir Leslie Stephen.jpg|thumb|right|200px|Virginia Woolf i gcuideachta a hathar le [[George Charles Beresford]], 1902]]
In ainneoin a hanró, áfach, d'éirigh le Virginia cúrsa staidéir a chur i gcrích in ionad na mban i gColáiste an Rí i Londain Shasana. Sna blianta idir 1897 is 1901, rinne Woolf staidéar ar an [[Gearmáinis|Ghearmáinis]], ar an [[Laidin]], ar an [[Gréigis|Ghréigis]] agus sa stair.<
Bhí grá agus ómós an domhain ag Virginia Woolf dá hathair Leslie Stephen riamh, agus is dá bharr sin go ndeachaigh a bhás chomh mór i bhfeidhm uirthi nuair a cailleadh é de bharr ailse sa bhliain 1904. D'fhulaing sí cliseadh néarach eile agus bhí an ceann sin chomh tromchúiseach is gur cuireadh í faoi ghlas agus faoi chúram síciatrach ar feadh tamaill.<ref>Robert Meyer, 1998, Case Studies in Abnormal Behaviour, Allyn and Bacon</ref> Tar éis bháis Leslie Stephen, d'aistrigh Virginia, a deirfiúr is a beirt leathdheartháir ón seanteach ag Hyde Park Gate go teach eile ag 46 Gordon Square i mBloomsbury (ceantar atá suite i gcroílár Londan Shasana).
|