An difríocht idir athruithe ar: "Virginia Woolf"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Líne 45:
Traidhfil de bhlianta i ndiaidh dóibh bogadh isteach sa teach nua ag Gordon Square, phós deirfiúr Virginia Woolf, Vanessa, ar an léirmheastóir ealaíne Clive Bell agus b'éigean do Virginia is dá deartháir, Adrian, bogadh amach. Shocraigh siad síos i dteach eile sa cheantar céanna, i bhFitzroy Square, ach ní mó ná sásta a bhí siad faoin tsocrú sin agus ba thréimhse thar a bheith míshásta é do Virginia ach go háirithe.<ref>[http://www.infobritain.co.uk/Virginia_Woolf_Biography_And_Visits.htm infobritain.co.uk]</ref> Bhí Virginia go mór in éad lena deirfiúr as siocair í a bheith pósta agus Virginia féin a bheith fágtha ina haonar. Chuir Virginia céiliúr ar Chlive Bell agus chruthaigh sé sin go leor amhrais is drochfhola idir an dá deirfiúr.
 
Cúpla bliain ina dhiaidh sin, áfach, sa bhliain 1912, phós Virginia féin ar Leonard Woolf, státseirbhíseach a bhí ar shos sabóideach óna chuid oibre i [[Srí Lanca]], agus, go deimhin, ina bhall de Chumann Bloomsbury. Dúirt Virginia ag an am gur "iúdach gan pingin rua aige"<ref>"Penniless jew", ''Virginia Woolf, an Inner Life'' le Julia Briggs, 2005</ref> a bhí ann agus thug sí le tuiscint dá cuid cairde go raibh náire uirthi as a bheith pósta ar iúdach. Ina ainneoin sin, áfach, mhair an pósadh go lá a báis agus bhain Virginia idir shult agus shuaimhneas as a bheith in éineacht le Leonard Woolf ar bhonn pearsanta agus gairmiúil. Sa bhliain 1917, chuir an lanúin an ''Hogarth Press'' ar bun, foilsitheoir a chuirfeadh gach aon úrscéal de chuid Virginia Woolf i gcló, maraon le saothair ó phinn scríbhneoirí eile, leithéidí [[T.S. Eliot]] agus [[Laurens van der Post]].<ref>[http://www.nytimes.com/2006/12/10/books/review/Messud.t.html?_r=1&n=Top%2fFeatures%2fBooks%2fBook%20Reviews&oref=slogin "The Husband" le Claire Messud, Na New York Times, 10. Mí na Nollag 2006</ref>
 
=== A garim bheatha ===