An difríocht idir athruithe ar: "Virginia Woolf"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Líne 39:
=== Bloomsbury ===
[[Íomhá:Virginia Woolf in Dreadnought Hoax.jpg|thumb|right|Bob HMS Dreadnought. Is í Virginia Woolf an chéad duine ar chlé]]
Níorbh fhada an lá ó bhog Virginia Woolf agus a muintir chun na háite go raibh a dteach i mBloomsbury ag croílár ghrúpa úr liteartha is ealaíne, mar atá ''Cumann Bhloomsbury''. Thug suíomh áisiúil an tí seansdeis do Virginia óg aithne a chur ar leithidí Lytton Strachey, Clive Bell, Rupert Brooke, Saxon Sydney-Turner, Duncan Grant, [[Roger Fry]] agus [[Leonard Woolf]], an fear a bheadh ina fear céile níos deireanaí.
 
Bhain baill an chumainn áit amach i mbéal an phobail den chéad uair sa bhliain 1910, i ndiaidh dóibh ''Bob HMS Dreadnought'' ("The Dreadnought Hoax") a bhualadh ar an Chabhlach Ríoga (cabhlach na Breataine). Is é a tharla ar an lá féin ná gur thug seisear ball den Chumann le tuiscint don Chabhlach Ríoga gur daoine de ríshliocht na h[[An Aetóip|Aibisíne]] a bhí iontu, agus go raibh siad ag iarraidh cigireacht a dhéanamh ar ''HMS Dreadnought'', a bhí feistithe i bPortland, i nDorsetshire. Chuir na cleasaithe dath dorcha ar a gcraiceann agus feisteas "ríoga" orthu, maraon le folt agus féasóga bréagacha. Ba é Horace de Vere Cole, file agus cleasaí cáiliúil a rugadh i mBaile an Churraigh, Contae Chorcaí, ceann feadhna na gcleasaithe. Scríobh Virginia Woolf óráid faoin eachtra atá ar fáil in atheagrú an leabhair ''The Platform of Time'', a foilsíodh sa bhliain [[2008]].