An difríocht idir athruithe ar: "Wolfsburg"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Is baile tionsclaíoch i dTuaisceart na Gearmáine é '''Wolfsburg''', a bhfuil clú agus cáil air de bharr Ceannceathrú Volkswagen AG a bheith suite ann. Is é an logai...'
(No difference)

Leagan ó 18:18, 6 Meán Fómhair 2011

Is baile tionsclaíoch i dTuaisceart na Gearmáine é Wolfsburg, a bhfuil clú agus cáil air de bharr Ceannceathrú Volkswagen AG a bheith suite ann. Is é an logainm a bhí air ó cuireadh ar bun é go dtí an bhliain 1945Stadt des KdF-Wagens bei Fallersleben, ainm a dhéanann tagairt don fáth ar cuireadh ar bun é ar an chéad lá riamh, sa bhliain 1938, is é sin ná ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil d’oibrithe mhonarchana nua Volkswagen, a bhí ag obair ar na chéad Volkswagen (“Gluaisteáin an Phobail”). Ba é KdF-Wagen bunainm an Volkswagen Käfer (“ciaróg”).

Tá Wolfsburg suite in oirthear na Sacsaine Íochtaraigh, in aice leis an teorann stáit a dhéanann é a dheighilt ón Sascsain-Anhalt. B’ionann an teorann seo agus an teorann polaitiúil a bhí idir Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Dhaonphoblacht na Gearmáine sna blianta 1949-1990.

Is minic a bhíonn Wolfsburg i mbéal an phobail go hidirnáisiúnta mar gheall ar rath an chumann sacair áitiúil, VfL Wolfsburg, a bhuaigh Craobhchomórtas na Gearmáine sa bhliain 2009.