An difríocht idir athruithe ar: "Wolfsburg"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
No edit summary
Ancatmara (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 20:
Is baile tionsclaíoch i dTuaisceart na Gearmáine é '''Wolfsburg''', a bhfuil clú agus cáil air de bharr Ceannceathrú Volkswagen AG a bheith suite ann. Is é an logainm a bhí air ó cuireadh ar bun é go dtí an bhliain [[1945]] ná ''Stadt des KdF-Wagens bei Fallersleben''<ref>Stadt des KdF-Wagens – Walter Krämer, Götz Trenkler agus Denis Krämer: Das neue Lexikon der populären Irrtümer. Frankfurt am Main, Eichborn, 1998. Lch. 365</ref> ainm a dhéanann tagairt don fáth ar cuireadh ar bun é ar an chéad lá riamh, sa bhliain [[1938]], is é sin ná ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil d’oibrithe mhonarchana nua Volkswagen, a bhí ag obair ar na chéad Volkswagen (“Gluaisteáin an Phobail”). Ba é ''KdF-Wagen'' bunainm an Volkswagen Käfer (“ciaróg”).
 
Tá Wolfsburg suite in oirthear na [[An tSacsain Íochtarach|Sacsaine Íochtaraigh]], in aice leis an teorainn stáit a dhéanann é a dheighilt ón [[An tSacsain-Anhalt|Sascsain-Anhalt]]. B’ionann an teorainn seo agus an teorainn polaitiúilpholaitiúil a bhí idir [[An Ghearmáin|Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine]] agus [[Dhaonphoblacht na Gearmáine]] sna blianta [[1949]]-[[1990]].
 
Is minic a bhíonn Wolfsburg i mbéal an phobail go hidirnáisiúnta mar gheall ar rath an chumann sacair áitiúil, VfL Wolfsburg, a bhuaigh Craobhchomórtas na Gearmáine sa bhliain [[2009]].