An difríocht idir athruithe ar: "Carál Ní Chuilín"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Ancatmara (plé | dréachtaí)
Líne 28:
 
== Beathaisnéis ==
Rugadh Carál Ní Chuilín sa Lóistín Nua i dtuaisceart Bhéal Feirste, áit a bhfuil cónaí uirthi go fóill. Gearradh priosún naoi mbliana uirthi sa bhliain [[1989]] as a bheith páirteach i bplean chun baill den [[RUC]] a mharú le tréanphléascáin, as bhallraíocht den [[IRA]] agus as pléascáin a bheith ina seilbh aici. Chaith sí ceithre bliana faoi ghlas sular scaoileadh saor í.<ref>[http://saoirse32.blogsome.com/2006/03/26/ Alt sa Sunday Life, 2006 le feiceáil anseo ar bhlag Shaoirse32]</ref> Ar theacht amach ón phriosún di, bhain sí céim bhaitsiléara amach i Staidéar Sóisialta agus lean sí uirthi ina dhiaidh sin chun céim mháistir a dhéanamh sa bhainistíocht. I gcaitheamh a gairm bheatha go dtí seo, bhí sí ina comhordaitheoir ar an eagraíocht "Tar Anall", a dhéanann freastal ar theaghlaigh agus ar iarchimí poblachtanacha, agus ina comhchathaoirleach ar Bhord Comhpháirtíochta Bhéal Feirste Thuaidh. Anuas air sin, is í Carál Ní Chuilín príomhaoire Shinn Féin i d[[Tionól Thuaisceart Éireann|Tionól Stormont]]. Toghadh í ina comhairleoir cathrach do cheantar na Seanpháirce i dtuaisceart Bhéal Feirste sa bhliain [[2005]] agus d'fhan sí sa phost sin ar feadh dhá bhliain. Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sí mar Chomhalta den Tionól Reachtach don toghcheantar Béal Feirste Thuaidh. Sa bhliain 2011, i ndiaidh di bheith tofa mar CTR den dara huair as a chéile, ceapadh í mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta.<ref>[http://www.nuacht24.com/nuacht/caral-ni-chuilinn-aire-cultuir-nua/ "Carál Ní Chuilín, Aire Cultúir nua", Nuacht 24, 16. Bealtaine 2011]</ref>
 
== Tréimhse mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ==