An difríocht idir athruithe ar: "Ballan, Victoria"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 20:
Thosaigh Eorpagh ag cur fúthu sa cheantar sa bhliain 1838. Fuair siad rompu tír faoi chrainn agus í gann i scrobarnach. Bhí cangurúnna agus lucha léimneacha ann, ainmhithe a d’imigh in éag ann i lár na haoise de dheasca seilge agus scrios gnáthóige. Bhí bandacúit agus dhá spéiceas de chait dhúchasacha coitianta go maith anuas go dtí na seachtóidí, agus d’imigh siad sa tslí chéanna. D’imigh an chrotach, an colúr agus a lán pearóidí. Bhí an oiread sin diongónna ann go seilgeadh T.H. Pyke, duine de sheanfhundúirí Ballan, ar fud na háite iad le conairt a bhíodh aige d’aon ghnó chuige. <ref>[http://www.greendaledalescreek.com/history.php History of Greendale]</ref>
 
D’fhág na hEorpaigh a rian ar an bhfásra freisin. D’aithin cuid de na seannfhundúiríseanfhundúirí áilleacht an cheantair. Bhí caolacháin<ref>[[Ainmneacha Gaeilge Fhásra na hAstráile]]: caolachán (''acacia dealbata'' etc.) – ‘wattle’.</ref> agus silíní fiáine ann, agus an iliomad bláthanna ildathacha.<ref>[http://www.greendaledalescreek.com/history.php History of Greendale] Sliocht as cuntas ag an am: ‘they made the surface of the country resemble a gaudy carpet’.</ref> Na caoirigh agus na beithígh a mhill iad.
 
===An t-ór===