An difríocht idir athruithe ar: "Dunnstown, Victoria"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 31:
Tá seanmhianach caoilín le fáil timpeall 500 méadar soir ón sráidbhaile. Is furasta d'eibhear na háite mionbhruar a dhéanamh de bharr a bhfuil d'iathchloch ann, agus de sin a thagann an caoilín.
 
Rinneadh "Éire bheag" den cheantar agus na hÉireannaigh ag maireachtáil ar scáth a chéile ann. Bhí [[Gaeilge]] ag cuid mhór de na seandaoine. Bhí na nósanna céanna agus an creideamh céanna ag na hÉireannaigh uile, agus de réir a chéile d'fhág na [[Sasana]]igh agus [[Albain|hAlbannaigh]] an ceantar. Tógadh scoil Chaitlicigh ann a raibh [[Siúracha Ord Naomh SeosamhIósaf an Chroí Ró-Naofa|Siúracha Naomh Iósaf]] ag múineadh inti, agus iad ag freastal ar sheandaoine agus ar dhaoine tinne chomh maith. Tá an scoil ann fós.
 
D'oscail oifig an phoist ar 21 Samhain 1864, agus i gceann tamaill cuireadh malartán guthán ar bun inti. Dhún sí sa bhliain 1980.<ref>[https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country= Premier Postal History: Post Office List]</ref>