An difríocht idir athruithe ar: "Ollscoil Uladh"

Content deleted Content added
wikify
Anois (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Bunaíodh an '''Ollscoil Nua Uladh''' i gCúilg[[Cúil Raithin]] [[Contae Dhoire]], i gCúge [[Uladh]] sa bhliain 1968, tar éis do Thuarascáil Lockwood a mholadh go mbeadh an dara ollscoil i d[[Tuaisceart Éireann]]. Tá an campas suite ar bhruach thoir Abhainn na Banna, agus ghlac go leor de náisiúntóirí an tuaiscirt leis gcinneadh sin mar mhasla dóibh féin, mar gur shíl siad gur chóir don ollscoile a bheith suite i nDoire Cholmcille, áit a raibh ''[[Coláiste Mhig Aodha]]'' le blianta fada roimhe sin.
 
Ó thús bhí meascán maith mic léinn sa choláiste as gach cearn de Chúige Uladh, agus de réir a chéile mhéadaigh líon na mac léinn as ceantair eile in Éirinn agus sa Bhreatain, agus ó thíortha eile san Eoraip agus níos faide i gcéin, rud a rinne campas ilchultúrach de go gasta.
 
Ba iad [[Liam Ó Dochartaigh]] agus [[Diarmaid Ó Doibhlin]] a bhí i mbun Roinn na Gaeilge san Ollscoil ag an tús agus chaith an teangeolaí clúiteach, [[Colmán Ó hUallacháin]] OFM na blianta ag obair ann chomh maith agus tamall mar cheann roinne. Chuir [[Mícheál Ó Murchú]] go mór le múineadh na Gaeilge san ollscoil , agus rinne [[Séamus Mac Mathúna]] a chion féin ann mar ollamh le Gaeilge.
 
I 1984 rinneadh Ollscoil Nua Ulladh a nascadh le '''Polaiteicníc Bhaile Shiúrdáin''' agus tugadh '''Ollscoil Uladh''' uirthi.