An difríocht idir athruithe ar: "Truman Capote"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 17:
==A Shaol==
 
Rugadh '''Truman Streckfus Persons''' i [[New Orleans]] ar an 30 Meán Fómhair 1924, agus ba iad a thuismitheoirí Archulus Persons agus cailín seacht mbliana déag darbh ainm Lillie Mae Faulk. Ní raibh sé ach ceithre bliana d'aois nuair a fuair an lánúin colscaradh, agus ansin tugadh go Monroeville i stát [[Alabama]] é, áit ar thóg muintir a mháthar é. Ba ansin a chuir Truman aithne ar chailín darbh ainm Nelle [[Harper Lee]]. Bhí siad ina ndlúthchairde go lá a bháis, agus chabhraigh Harper le Truman an leabhar cáiliúil ''In Cold Blood'' a scríobh.
 
Sa bhliain 1933 d'aistrigh Truman go [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]], áit a raibh cónaí ar a mháthair agus ar a fear céile nua. B'as Cúba do Joseph Capote, agus é sásta glacadh le Truman mar mhac agus a shloinne féin a bhronnadh ar an mbuachaill. Mar sin a rinneadh Truman García Capote de Truman Streckfus Persons.
 
Thosaigh Truman ag scríobh scéalta nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag d'aois.