An difríocht idir athruithe ar: "Aidhniúch"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 3:
Ba iad na h'''Aidhniúigh''' muintir dhúchasach Thuaisceart na [[An tSeapáin|Seapáine]] agus Oileán Sakhalin sa [[An Rúis|Rúis]]. Go stairiúil, labhraídís [[teanga (cumarsáid)|teangacha]] nó canúintí dá gcuid féin - teangacha Aidhniúcha, is é sin, Aidhniúis Hokkaido, Aidhniúis Sakhalin, agus Aidhniúis Oileáin Chúiríl. Ní raibh gaol ar bith ag na teangacha seo le haon teanga eile. Inniu, chuaigh an Aidhniúis - an trí chineál - in éag, ach sa tSeapáin ar a laghad, rinneadh taighde cuimsitheach ar an teanga, ar an m[[béaloideas]] Aidhniúch agus ar na nósanna pobail, agus mar sin, is féidir Aidhniúis - Aidhniúis Hokkaido ar a laghad - a fhoghlaim is a shaothrú leis an bhféiniúlacht Aidhniúch a chur in iúl.
Is deacair a rá cá mhéad Aidhniúch atá fágtha ar an saol. Bíonn na hAidhniúigh ag pósadh Seapánach eitneach le roinnt glúnta anuas, agus mar sin, ní féidir teacht ar "
Ba é Shigeru Kayano (1926-2006) an fear mór athbheochana sa 20ú haois i saol cultúrtha na nAidhniúch. Aidhniúch a bhí ann féin, agus é ina theangeolaí féinteagasctha agus ina bhéaloideasóir. Bhí sé ina theachta ar pharlaimint na Seapáine freisin agus é ag cur troda ar son na nAidhniúch go lá a bháis. Scríbhneoir an-bhisiúil a bhí ann, nó d'fhoilsigh sé na scórtha leabhar faoi theanga is faoi thraidisiúin a mhuintire.
==Stair==
Sa [[13ú haois|tríú haois déag]] a luadh na hAidhniúigh an chéad uair sna foinsí Seapáinise. Ar dtús, bhí caidreamh cairdiúil idir na hAidhniúigh agus na Seapánaigh, agus an dá mhuintir ag trádáil go síochánta le chéile. I dtréimhse Tokugawa (1600-1868), áfach, thosaigh na Seapánaigh ag cúngú isteach ar na hAidhniúigh, agus chuaigh na hAidhniúigh chun ceannairce. Ba é Éirí Amach Shakushain timpeall na bliana 1670 an cheannairc ba mhó.
Nuair a thosaigh Ré Athchóirithe Meiji sa tSeapáin, agus an naoú haois déag ag druidim chun deiridh, theastaigh ó rialtas na tíre an tSeapáin a thabhairt chun nua-aoiseachais, agus ba é an dearcadh oifigiúil ná go raibh nósanna traidisiúnta na nAidhniúch ag cur isteach ar an nua-aoisiú. Mar chuid de na polasaithe nua, bronnadh saoránacht na Seapáine ar na hAidhniúigh go léir, ach b'ionann sin is a rá nach dream eitneach ar leith a bhí iontu agus nach raibh siad i dteideal a nósanna ná a dteanga. Thairis sin, thosaigh Seapánaigh eitneacha ag socrú síos in Hokkaido, agus iad ag cúngú ar thailte na nAidhniúch. B'éigean do na hAidhniúigh éirí as a gcuid nósanna - cosúil leis an tatúáil agus le híobairt na n-ainmhithe do na déithe - agus an tSeapáinis a fhoghlaim is a shealbhú mar theanga ghnáthchumarsáide.
Níor bhain na hAidhniúigh amach aitheantas oifigiúil dá dteanga ná dá bhféiniúlacht eitneach ach sa bhliain 2008, nuair a reachtaigh parlaimint na Seapáine, ''Kokkai'', rún ag éileamh ar an rialtas glacadh leis na hAidhniúigh mar ghrúpa eitneach a bhfuil teanga, nósanna agus oidhreacht ar leith aige.
{{síol}}
|