An difríocht idir athruithe ar: "An Ultais"

Content deleted Content added
MacTire02 (plé | dréachtaí)
ainm
Líne 1:
Teanga Gearmáinice nó canúint, de chuid an Bhéarla nó na h[[Albainis]]e, í an '''Ultais''' (ainmneacha eile a chonacthas ar na meáin Ghaeilge is ea iad '''Albainis Uladh''' agus an '''UIlainnis''') a labhraítear go príomha i gceantair thuaithe in oirthuaisceart an [[Contae an Dúin|Dúin]], i g[[Contae Aontroma]], in oirthear [[Contae Dhoire|Chontae Dhoire]] agus in oirthear [[Contae Dhún na nGall|Dhún na nGall]]. Is léir go bhfuil an t-ainm "Ultais" bunaithe ar an ainm "Ullans" a chum an polaiteoir Aontachtach Ian Adamson sna 80í. Tugann cainteoirí traidisiúnta "Scotch" ar a gcanúint.
 
De ghnáth aithnítear cúig chanúint san Albainis, .i. Albainis Lárnach, Albainis an Tuaiscirt (a dtugtar "Doric" uirthi in amanna), Albainis na nOileán (Inse Orc agus Sealtainn), Albainis an Deiscirt, agus Albainis Uladh nó an Ultais. Is í Albainis Lárnach an chanúint a úsáideann dhá thrian de na cainteoirí. Scríobh an chuid is mó de na mórscríbhneoirí Albainise sa chanúint seo fosta, mar shampla, Allan Ramsay, Robert Fergusson, Robert Burns, agus R. L. Stevenson. Tá cás i bhfad níos láidre ag Albainis na nOileán agus Albainis an Tuaiscirt a bheith aitheanta mar theangacha ar leith ná atá ag Albainis Uladh.