An difríocht idir athruithe ar: "Armóin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
[[Íomhá:Harmonium Debain.jpg|thumb|300px|Armóin [[François-Alexandre Debain]]]]
 
Orgán beag lena gcastar nótaí ceoil. Ciallaíonn an focal "armóin" gléasadh nó cóiriú taitneamhach ar nótaí ceoil freisin ach sa chás seo, táimid ag caint faoin uirlis cheoil a fheictear sa ghrianghraf taobh leis an ailtalt seo. Is uirlis ghaoithe atá san armóin ina n-úsáidtear giolcacha a bhogann go saor leis an bhfuaim a dhéanamh. Tá méarchlár agus gaireas séidte inti. D'fhéadfaí "armóineadóir" a thabhairt ar an duine a sheineann an armóin, is dócha.
 
Tá bunús na harmóine le fáil san uirlis le giolcacha saora a chruthaigh Grenié (fear ón bhFrainc) ag tús an 19ú aois. B'éard a bhí aige ná uirlis le píopaí orgáin le giolcacha saora a bhí curtha ar ghaireas séidte a bhí á smachtú ag brú athraitheach gaoithe.