An difríocht idir athruithe ar: "Varkaus"

Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 1:
Cathair bheag in Oirthear na Fionlainne is ea í '''Varkaus'''. Sa bhliain [[2005]], bhí thart ar 24,000 duine ina gcónaí sa chathair.
 
==Stair==
 
Thosaigh áitreabh ag fás san áit sa chúigiú haois déag, cé gur tagraíodh do Siitinselkä - ceann de na lochanna i dtimpeallacht Varkaus - chomh fada siar leis an mbliain [[1323]], nuair a bhí campa geimhridh ag na Laplannaigh cois an locha sin. Bhí an áit champála seo ina marc teorainne idir an tSualainn agus an Rúis san am sin. Sa bhliain [[1792]], bhunaigh rí na Sualainne bunáit chabhlaigh san áit, ar ar thug na Fionlannaigh ''laivalinna'', caisleán na long. ''Laivalinnankatu'', nó Sráid Chaisleán na Long, atá ar cheann de na sráideanna i Varkaus, inniu féin.
 
Rinneadh ''cathair'' de Varkaus go hoifigiúil sa bhliain [[1962]].
 
==Daoine clúiteacha ó Varkaus==
 
[[Esa Pakarinen]], aisteoir, fear grinn. Saolaíodh Esa Pakarinen i [[Rääkkylä]], ach ina dhiaidh sin, chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i Varkaus. B'ansin a rugadh a mhac, [[Esa Pakarinen Junior]], sa bhliain [[1947]], a chuaigh le haisteoireacht chomh maith.
 
{{stumpa}}