An difríocht idir athruithe ar: "Thomas Hardy"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: zh:托马斯·哈代
Líne 20:
==Saol==
[[Íomhá:Florence Hardy at the seaside 1915.jpg|thumb|left|Florence Hardy ar an dtrá, 1915.]]
Rugadh Thomas Hardy i [[Higher Bockhampton]], sráidbhaile de chuid paróiste [[Stinsford]] gar le cathair [[Dorchester]] i n[[Dorset]], Sasana. D’oibrigh a athar, Tomás (b.1892), mar shaor cloiche agus tógalaí áitiúil. Bhí léamh agus léann ag a mháthair, Jemima, agus thug sí teagasc dó gur thosaigh sé ag bunscoil i mBrockhamptonmBockhampton agus é ocht mbliana d’aois. D’fhreastail sé ar “Mr. Last’s Academy for Young Gentlemen” ar feadh roinnt bliain i nDorchester, d’fhoghlaim sé [[Laidin]] agus d’éirigh sé go maith lena chuid stáidéir.<ref>Claire Tomalin, ''Thomas Hardy: the Time-torn Man'' (Penguin, 2007) ll.30,36. '''(Béarla)'''</ref> Áfach, bhí easnamh acmhainní ag a mhuintir chun é a thacú san ollscoil, agus dá bhrí sin, chríochnaigh sé leis an oideachas agus é sé bliana déag d’aois. Chuaigh sé i gcomhlacht ailtireachta áitiúla, mar phrintíseach le James Hicks.<ref> Lauren Walsh, ‘Introduction’, ''The Return of the Native'' le Thomas Hardy (New York: Barnes & Noble Classics, 2005). '''(Béarla)'''</ref> Rinne sé stáidéir in ailtireacht i nDorchester, ach bhog sé chuig [[Londain]] sa bhliain 1862, áit a ndeachaigh sé i gColáiste an Rí mar dhalta. Bhuaigh sé duaiseanna éagsúla in ailtireacht ann, ach ní raibh sé sásta a bheith ina chónai i Londain.
 
D’fhill sé ar Dorset tar éis cúig bliana i Londain, agus nuair a bhí sé ar mhisean ailtireachta i [[Corn na Breataine|gCorn na Breataine]] chun séipéal paróiste Naomh Juliot a dheisiú,<ref>James Gibson (eg.), ''Chosen Poems of Thomas Hardy'' (London: Macmillan Education, 1975), l. 9. '''(Béarla)'''</ref> bhuail agus thit sé i ngrá le Emma Lavinia Gifford, cailín a phós sé sa bhliain 1874. Cé gur scar siad níos déanaí sa shaol, bhraith sé ualach mór air nuair a fuair sí bás sa bhliain 1912. Tar éis bás a bhean chéile, tháinig Hardy ar ais ar Chorn na Breataine chun ath-chuirt a thabhairt ar áiteanna a bhain lena gcaidreamh, agus scríobh sé ''Poems 1912-13'' le Emma ar a aigne. Phós sé arís sa bhliain 1914 lena rúnaí Florence Emily Dugdale, a raibh 39 bliana níos óige.