An difríocht idir athruithe ar: "Parwan, Victoria"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 14:
 
==Parwan Valley==
Tá Gleann Parwan idir Raon Brisbane Ranges (ardán íseal), Páirc Stáit Mhám Werribee agus sléibhte na You Yangs. Bhí feirmeoireacht ar siúl ann ó ochtóidí an 19ú haois amach, ach d'eirigh an talamh an-salanda de dheasca dróchshaothrú, agus anois tá cuid den chreimeadh talún is measa in Victoria le feiceáil ann. Faoin mbliain 1948 measadh go raibh laghdú 20% tagtha ar thoilleadh ar Thaiscumar Melton de dheasca a raibh de ghlár ann. Roimh theacht na nEorpach bhí an áit faoi chrainn ghuma agus faoi fhéar dúchasach. Leagadh na crainn chun breis féaraigh a chur ar fáil, agus mhill beithígh, caoirigh agus coiníní an áit le ró-innilt. Tháinig méadú ar an méid maidhmeanna sléibhe agus thosaigh an "tollánú" - uisce ag dul faoi thalamh de bharr creimidh nó trí fhréamhacha feoite, agus poill á ndéanamh thíosdáthíos dá bharr, rud a thaitin leis na coiníní.<ref>
http://www.dpi.vic.gov.au/dpi/vro/portregn.nsf/pages/werribee_parwan_valley Boucher, S.C.: 'Land degradation in the Parwan Valley'.</ref> Cheannaigh an Rialtas an Gleann go héigeantach agus tá an talamh á athchóiriú.
 
Tá Droim na hEilifinte Báine i lár an Ghleanna, agus tá poirt rite ar gach taobh de barr ísliú urlár an Ghleanna tar éis oibriú bolcánach. Is ann atá neada iolar dingeireaballach, agus siorradh suas ann de bharr na leicne crochta.<ref>http://www.visitmoorabool.com.au/maps/tour/map/3</ref> Tá dhá abhainn sa Ghleann, Abhainn Parwan thiar agus Abhainn an Fhoinse thoir.
 
==Tagairtí==