An difríocht idir athruithe ar: "Ór"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: ba:Алтын
No edit summary
Líne 13:
 
Mar is dual do na miotail lómhara, is dúil sách támh é an t-ór. Is é sin, níl sé araiciseach chun imoibriú a dhéanamh le ceimiceáin. Mar sin féin, is féidir é a thuaslagadh in [[Imoibreán|imoibreáin]] áirithe, go háirithe san ''[[aqua regia]]'' - an t-"uisce ríoga", ós rud é go dtuaslagann sé "rí na miotal", an t-ór. Is é is aqua regia ann ná meascán as [[aigéad hidreaclórach]] agus [[aigéad nítreach]]. Thairis sin, is féidir leis an g[[clóirín]], leis an bh[[fluairín]] agus le [[tuaslagán|tuaslagáin]] [[Ciainíd|chiainídeacha]] ór a chreimeadh.
 
Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an ór, mar atá, <sup>197</sup>Au, agus is as an iseatóp seo atá ór an dúlra comhdhéanta. Tá an t-ór níos troime ná an luaidhe, ach níl sé chomh trom leis an b[[platanam]], leis an [[oismiam]] ná leis an [[iridiam]].
 
Ocsaídíonn an t-''aqua regia'' an t-ór go h[[ian]] [[teitreaclóróráit]]e, is é sin, AuCl<sub>4</sub><sup>-</sup>, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an ór san ian seo ná +3. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta aige, agus tugtar comhdhúile óracha ar na comhdhúile ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin seo ag an ór. Thairis sin, tá an uimhir ocsaídiúcháin +1 ag an ór i gcuid mhaith comhdhúl, is é sin, na comhdhúile órúla. Is féidir don ór uimhir ocsaídiúcháin níos airde fós a shroicheadh faoi thionchar ocsaídeoirí láidre, ar nós an [[Fluairín|fhluairín]].