An difríocht idir athruithe ar: "Ór"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 17:
 
Ocsaídíonn an t-''aqua regia'' an t-ór go h[[ian]] [[teitreaclóróráit]]e, is é sin, AuCl<sub>4</sub><sup>-</sup>, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an ór san ian seo ná +3. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta aige, agus tugtar comhdhúile óracha ar na comhdhúile ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin seo ag an ór. Thairis sin, tá an uimhir ocsaídiúcháin +1 ag an ór i gcuid mhaith comhdhúl, is é sin, na comhdhúile órúla. Is féidir don ór uimhir ocsaídiúcháin níos airde fós a shroicheadh faoi thionchar ocsaídeoirí láidre, ar nós an [[Fluairín|fhluairín]].
 
Níl páirt ná ról ar leith á dhéanamh ag an ór san orgánach daonna. Nimh atá san ian óir Au<sup>3+</sup>, ach ní chuirfidh an t-ór miotalach isteach ná amach ar an duine má shlogtar síos é, nó ní féidir leis na himoibreáin i gcolainn an duine an miotal a ocsaídiú. Mar sin, is féidir, abair, deochanna alcólacha nó cácaí a mhaisiú le duilleoga tanaí óir, nó ní dhéanfaidh siad dochar ar bith. Scéal eile go gcuireann an t-ór ailléirge ar dhaoine áirithe, ach níl sé leath chomh dona mar ailléirgin agus a lán miotal eile, an [[nicil]] ach go háirithe.
 
== Tréithe fisiceacha ==