An difríocht idir athruithe ar: "Rochester, Nua-Eabhrac"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 23:
Na hIroquois a bhí ina gcónaí sa cheantar chomh fada siar agus a théann an taifead staire scríofa. Chaill Cónaidhm na nIorquois seilbh ar na tailte sa chuid sin de Stát Nua-Eabhrac i ndiaidh don chuid ba mhó díobh seo troid ar son na Sasanach le linn [[Cogadh Réabhlódeach Mheiriceá|Chogadh Réabhlódeach Mheiriceá (1776–1983). Ar [[8 Samhain]] [[1803]], cheannaigh an Coirnéal Nathaniel Rochester agus beirt eile 100 acra timpeall ar thrí eas san Abhainn Genesee a bheadh úsáideach mar fhoinse cumhachta. Cúig dhuine déag a lonnaigh san áit i dtús báire. Sa bhliain 1825, osclaíodh an [[Canáil Erie|Chanáil Erie]], rud a cheangail feirmeoirí an [[Meán Iarthar (Meiriceá)|Mheán Iarthair]] le [[Nua-Eabhrac (cathair)|calafort Nua-Eabhrac]]. Chuaigh an chanáil tríd an chathair agus tháinig fás ar Rochesterville (mar a thugtaí ar an mbaile san am úd) dá réir sin. Faoin bhliain 1834, bhí 9,200 duine ina gcónaí ann. Nuair a tháinig na hiarnróid isteach blianta gairide ina dhiaidh sin, áfach, cuireadh an chanáil ó dheas ón bhaile.
Tharraing suíomh agus tionscal an bhaile mhóir na mílte imirceach. Orthu siúd bhí beirt ón [[an Ghearmáin|Ghearmáin]], John Jacob Bausch agus Henry Lomb, a thosaigh ag obair le chéile i lár na 1850idí agus a chuir Bausch & Lomb ar bun
[[Íomhá:Rochester aerial aug 17 2007.jpg|mion|350px|clé|Rochester ón aer, 2007]]
{{síol}}
[[Catagóir:Nua-Eabhrac (stát)]]
[[Catagóir:Cathracha sna Stáit Aontaithe]]
[[ar:روتشستر (نيويورك)]]
|