An difríocht idir athruithe ar: "Sanasaíocht"

Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: bar:Etymologie
No edit summary
Líne 1:
Staidéar stair na bhfocal is ea '''sanasaíocht'''. Baineann an staidéar seo le cá huair ar tháinig focal isteach i [[teanga (cumarsáid)|dteanga]], cá háit ónar tháinig sé agus cad é mar a d'athraigh sé trí am maidir lena fhoirm agus a chiall. Tá an tsanasaíocht bunaithe ar dhlíthe na foghraíochta stairiúla agus an éabhlóid shéimeantach de na téarmaí atá i gceist.
 
Toisc go bhfuil teangacha éigine ró-shean le heolas díreach a aimsiú futhu (eolas scríofa mar shampla), is minic a bhaintear úsáid as [[teangeolaíocht chomparáideach]] le heolas a athchruthú. Trí úsáid teicníce a thugtar an "modh comparáideach" uirthi, is féidir le teangeolaithe fios a bhaint amach faoi mhatháirtheangacha roinnte agus iad ag amharc ar theangacha gaolta.