An difríocht idir athruithe ar: "Baile Átha Luain"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ca:Athlone
Nasc
Líne 13:
}}
 
Tá '''Baile Átha Luain''' nó '''Áth Luain''' (''Athlone'' as [[Béarla]]) nó Bl'Áth Luain sa chaint (de réir tuairiscí ón 19ú haois) ar na bailte is mó i g[[Contae na hIarmhí]] i lár na h[[Éire]]ann. Dar leis an daonáireamh de 2002 tá daonra de 23,670 ag an mbaile, agus tá sé suite ar Abhainn na [[Sionainn|Sionna]] idir [[Gaillimh]] agus [[Baile Átha Cliath]]. Téann go leor den trácht idir [[Contae Mhaigh Eo|Maigh Eo]] agus [[Contae Ros Comáin|Ros Comáin]] agus Baile Átha Cliath tríd an mbaile leis, agus is iomaí ciorcal tráchta a tógadh leis an trácht a bhogadh. Tá stáisiún traenach ar an mbaile, freisin, agus stopann líne na Gaillimhe ann, mar aon le línte Bhéal Átha an Fheadha agus Chathair na Mart. Tá [[CoimisúnCoimisiún na Scrúduithe Stáit]] agus [[Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain]] suite ann.
[[Íomhá:Stmarys-2-athlone.jpg|thumb|left|250px|Eaglais Naomh Muire, Áth Luain]]
 
Tá ionad traenála ag an arm ar an mbaile, atá an-ghar do lár na tíre ina hiomláine. Chuireadh [[Sinn Féin]] an baile ar aghaidh mar phríomhbhaile ar an tír, agus í athaontaithe agus í á riaradh ina ceithre chúige, ina gcuid moltaí "Éire Nua".
 
Cúpla [[míle]] ó dheas de tá [[Cluain Mhic Nóis]], mainistir a bhunaigh [[Naomh Ciarán]] i [[548]], agus a bhí ina ionad léinn ar feadh na gcéadta bliain. Thóg an rí [[Toirdhealbhach Ua Conchobhair|Toirdhealbhach Ó Conchubhair]] caisleán adhmaid ann i [[1129]].
 
Thóg na [[Normannaigh]] caisleán cloiche ar bhruacha na [[Sionainn]]e sa tríú haois déag, agus bhí [[Loch Ríbh]] ina ionad tábhachtach iascaireachta ó thús na staire. Bhí tábhacht mhíleata leis an mbaile mar gheall ar a suíomh i lár na tíre agus bhí garastúin ann ag [[Arm na Breataine]], mar atá anois ag [[Arm na hÉireann]]. Rinneadh léigear ar an bhaile i [[1690]] nuair a bhí [[Cogadh an Dá Rí]] ar siúl. Tar éis catha a mhair deich lá d'éirigh leis an nGinearál [[Godart van Ginkel]] an baile a ghabháil i mí an Mheithimh [[1691]].