An difríocht idir athruithe ar: "Tuar ceatha"

Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: km:ឥន្ទនូ
No edit summary
Líne 2:
[[Íomhá:Rainbow formation.png|thumb|250px|]]
 
Is feiniméan aeráide é an '''tuar ceatha''' (nó an '''bogha báistí''', '''bogha ceatha''' nó an '''bogha sín'''.)
 
Do réir lucht na heolaíochta, is é solas na [[grian|gréine]] ag taitneamh ar bhraonta [[báisteach|báistí]] sa [[spéir]] faoi ndearna an tuar ceatha. Seo mar a tharlaíonn sé. Dar linne ná tagann ón ngréin ach aon tsolas amháin, ach ní mar sin atá. Is amhlaidh atá roinnt soilse i solas na gréine, agus ní mar a chéile aon dá cheann acu. Tá na dathanna seo go léir ann: búach, dath an ghoirmín, gorm, uaine, buí, flannbhuí agus dearg. Gluaiseann na léasa solais ón ngréin ina dtonnta. Gan amhras tá na tonnta solas seo an-bheag ar fad. Ní hé an tonnfhaid chéanna atá ag aon dá cheann de sna soilse a thagann chugainn ón ngréin. Is féidir a chruthú go bhfuil na soilse uile atá áirithe anseo i solas na gréine. Má gheibhtear [[priosma]] gloine agus léas solais do scaoileadh tríd, chíofar roinnt soilse le malairt dathanna ag teachta amach ar an dtaoibh eile den phriosma. Nuair a théann an solas tríd an bpriosma, ní hé an lúbadh céanna a dhéanann an gloine ar aon cheann acu. Is mo lúbtar cuid acu ná a chéile. De bharr an lúbtha seo is ea thagann malairt dathanna amach ar an dtaoibh eile.