An difríocht idir athruithe ar: "Fíricsean"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is éard is '''fíricsean''' nó '''scéalaíocht fhíricbhunaithe''' ann ná seánra litríochta ina gcuirtear cleasaíocht stíle agus scríbhneoireachta an fhicsin i...'
 
No edit summary
Líne 1:
Is éard is '''fíricsean''' nó '''scéalaíocht fhíricbhunaithe''' ann ná seánra litríochta[[litríocht]]a ina gcuirtear cleasaíocht stíle agus scríbhneoireachta an [[ficsean|fhicsin]] i bhfeidhm ar imeachtaí a thit amach i ndáiríre. Na húrscéalta a scríobhtar i stíl an fhíricsin, tugtar '''úrscéalta neamhfhicsin''' orthu.
 
[[Íomhá:Cludach ShankillButchers Dillon.jpg|thumb|upright|Cludach leabhair do "The Shankill Butchers" le [[Martin Dillon]]]]
Glactar leis go coitianta gurbh é [[Truman Capote]] a chuir bun leis an bhfíricsean nua-aimseartha nuair a d'fhoilsigh sé an t-[[úrscéal]] neamhfhicsin ''In Cold Blood'' ("As Fuil Fhuar") sa bhliain 1966, ach ar ndóigh, is féidir tús an tseánra a rianú a fhad ar ais sa stair. Mar shampla, is féidir a rá gur cineál fíricsin atá i gceist le ''Historia regum Britanniae'', an chroinic faoi ríthe na Breataine a tháinig ó pheann Gofraidh ó Mhonmouth, sa 12ú haois. Le sampla níos nua-aimseartha a lua, bhain an t-iriseoir Airgintíneach Rodolfo Walsh úsáid as cleasa insinte agus scríbhneoireachta a shamhlaítear le seánra an fhíricsin nuair a bhreac sé síos a leabhar ''Operación Masacre'',<ref name="Watchdog Journalism">{{cite book | last = Waisbord | first = Silvio | authorlink = | coauthors = | title = Watchdog Journalism in South America: News, Accountability, and Democracy | publisher = Columbia University Press | year = 2000 | location = New York | url = http://books.google.com/books?id=2QysUwD0UNAC | doi = | id = | isbn = 0231119755 | page = 282 pages}}</ref><ref name="Rethinking past present">{{cite journal | last = Link | first = Daniel | authorlink = | coauthors = | title = Rethinking past present | journal = Review: Literature and Arts of the Americas | volume = 40 | issue = 75(2) | pages = 218–230 | publisher = Routledge | year = 2007 | url= http://www.informaworld.com/index/783193049.pdf }}</ref> tuarascáil iriseoireachta[[iriseoireacht]]a faoin dóigh ar cuireadh daoine de lucht leanúna [[Juan Perón]] chun báis go mídhlíthiúil i ndiaidh na hiarrachta a rinne siad sa bhliain 1956 Perón a chur ar ais i gceannas ar an tír. Tháinig an saothar i gcló sa chéad bhliain i ndiaidh na n-imeachtaí (1957) agus naoi mbliana roimh chéadfhoilsiú leabhar Capote.
 
Samplaí eile den úrscéal neamhfhicsin iad ''[[Hell's Angels]]: The Strange and Terrible Saga of Outlaw Motorcycle Gangs'' le [[Hunter S. Thompson]], ''Armies of the Night'' le [[Norman Mailer]], nó ''Roots'' le [[Alex Haley]]. I litríocht na Gaeilge, is iad úrscéalta stairiúla [[Eoghan Ó Tuairisc|Eoghain Uí Thuairisc]] is cosúla leis an bhfíricsean.
 
Is deacair go minic an fíricsean a dhealú ón tuarascáil iriseoireachta. Mar shampla, is féidir ''Shankill Butchers'' le [[Martin Dillon]] a léamh mar a bheadh úrscéal ann.
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
[[Catagóir:Litríocht]]
 
[[da:Faktion]]
[[de:Faction-Literatur]]
[[de:Tatsachenroman]]
[[en:Non-fiction novel]]
[[es:Novela testimonio]]
[[eo:Autofiction]]
[[fr:Autofiction]]
[[fr:Roman non fictionnel]]
[[ko:팩션]]
[[ka:ავტოფიქცია]]
[[ja:オートフィクション]]
[[no:Faksjon]]
[[fi:Dokumenttiromaani]]
[[sv:Dokumentärroman]]
[[th:นวนิยายเชิงสารคดี]]
[[tr:Kurgusal olmayan roman]]
[[zh:报告文学]]