An difríocht idir athruithe ar: "Valentin Rasputin"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 25:
 
Tháinig Valentin Rasputin chun saoil i sráidbhaile Ust-Uda i gCúige Irkutsk sa tSibéir. Bhí a athair ag obair do shiopa comharchumainn an tsráidbhaile, agus a mháthair ina banaltra. Ní raibh Valentin óg i bhfad ar an saol, nuair a d'aistrigh an teaghlach go léir go sráidbhaile eile sa cheantar, Atalanka. Bhí an dá shráidbhaile suite cois Abhainn Angara, agus fágadh faoin uisce iad nuair a tógadh Taiscumar Bryansk sna seascaidí, ionas gurbh éigean don dá phobal socrú síos ní b'fhaide ón abhainn. Ag trácht ar bhlianta a chéad óige dó ní ba déanaí, dúirt Rasputin gur tréimhse shona a bhí ann i ndiaidh an iomláin, cé go raibh a mhuintir i gcruachás go minic.
 
Bhí Valentin beag sách seanchríonna mar pháiste, agus é thar barr ag tógáil léinn ar scoil. Nuair a bhí an bhunscoil ceithre bliana críochnaithe aige sa bhliain 1948, chuaigh sé go hUst-Ude arís, leathchéad ciliméadar ó Atalanka, le dul ar mheánscoil. Bhí sé ar an gcéad pháiste ó Atalanka a bhain amach ardteastas na meánscoile mar sin.
 
Chuaigh sé go hOllscoil Irkutsk ag foghlaim léinn agus bronnadh a chéim air sa bhliain 1959. Ansin chuaigh sé le hiriseoireacht mar ghairm bheatha, agus é ag scríobh do nuachtáin an ''Komsomol'' (ógeagras an Pháirtí Chumannaigh san Aontas Sóivéadach) in Irkutsk agus in Krasnoyarsk.
 
{{síol}}