An difríocht idir athruithe ar: "Valentin Rasputin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 16:
| líonláithreán =
}}
Scríbhneoir [[An Rúis|Rúiseach]] é '''Valentin Grigoryevich Rasputin''' (ar an [[15 Márta]] a rugadh é, sa bhliain [[1937]]) agus é ar duine de na "[[prós-scríbhneoirí tuaithe (litríocht na Rúise)|prós-scríbhneoirí tuaithe]]" ina thír dhúchais. Chaith sé cuid mhór dá shaol i [[Cúige Irkutsk|réigiún Irkutsk]] sa [[An tSibéir|tSibéir]], agus is é is téama dá chuid scríbhinní ná scoiteacht agus anóime an tsaoil chathartha agus an troid a chuireann muintir na tuaithe ar son a saoil shimplí féin, le teacht slán ón gcathair.
 
Is é an saothar is clúití dár tháinig óna pheann ná ''Прощание с Матёрой/Proshchanie s Matyoroi'' ("Slán ag Matyora"), [[gearrscéal]] fada faoi oileán Matyora sa tSibéir atá le fágáil faoin uisce, agus taiscumar nua á thógáil. Meafar atá ann a thugann cur síos ar léirscrios an nádúir Rúisigh sna blianta [[APSS|Sóivéadacha]] in ainm an dul chun cinn.