An difríocht idir athruithe ar: "Cosacaigh"

Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag baint: tt:Казаклар (deleted)
Líne 22:
 
Níl a fhios ag aon duine cathain a thosaigh na treibheacha Slavacha ag cur fúthu san Úcráin agus i ndeisceart na Rúise cois na n-aibhneacha móra úd Don agus Dniepr. Ní dócha gur tharla sé roimh an tríú haois déag, áfach. San am sin, chloígh na Mongólaigh cumhacht na gCúmánach agus na dtreibheacha Turcacha eile sna bólaí sin. Cibé scéal é, an sórt saol a bhíodh ag na Cosacaigh i ndeisceart na Rúise, ní rud é a rith leo féin, nó dealraíonn sé go raibh siad ag déanamh aithris ar nósanna na gCúmánach agus na Siorcásach.
 
Is dealraitheach gur tháinig na chéad ”phróta-Chosacaigh” ar an bhfód faoi lár na tríú haoise déag san áit a bhfuil an Úcráin inniu. Tráchtann na croinicí Rútaenacha sa bhliain 1261 ar dhornán de Shlavaigh a raibh cónaí orthu idir na haibhneacha úd Dniestr agus Volga. Is deacair teacht ar eolas stairiúil faoi na Cosacaigh a bheadh ní ba sine ná an séú haois déag, áfach. Rud deimhin é gur thúg Cosacaigh Don pictiúr naofa den Mhaighdean Muire do Dmitry Donskoy sa bhliain 1380. An cineál sochaí a bhí ag na Cosacaigh sa chúigiú haois déag, deir na foinsí comhaimseartha gur cónaidhm scaipthe de phobail neamhspleácha a bhí ann. Ba mhinic a bhí na pobail seo á n-iompar mar a bheadh airm bheaga áitiúla iontu, agus iad beag beann ar fad ar na stáit ina dtimpeall, cosúil le Ard-Diúcacht Mhoscó, leis an bPolainn, nó le Cánacht na Crimé.
 
Line 31 ⟶ 32:
 
Níl an oiread sin iomrá ar na Cosacaigh Polannacha ná ar na Cosacaigh Thataracha, nó ''Nağaybäklär''. "Cosacaigh" (''Kozacy'') a thugtaí ar mharcshlua éadrom de chineál ar leith in Aontas na Polainne is na Liotuáine.
 
===Cosacaigh Zaporizhia===
 
===Cosacaigh in Arm na Polainne-Liotuáine (na Cosacaigh Chláraithe)===
 
===Cosacaigh na Danóibe, Cosacaigh Mhuir Mheoid, agus Cosacaigh na Mara Duibhe===
 
===Cosacaigh na Rúise===
 
===Cosacaigh Abhainn Don===
 
===Cosacaigh Kuban===
 
===Cosacaigh Terek===
 
===Cosacaigh na hÚraile===