An difríocht idir athruithe ar: "Cosacaigh"

no edit summary
No edit summary
Tugtar '''Cosacaigh''' ar threibheacha áirithe Slavacha a raibh cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus san [[An Úcráin|Úcráin]]. Is deacair a rá, cé acu grúpa eitneach nó aicme shóisialta atá iontu. Ar dtús, ba scológa bochta iad a bhí míshásta leis an dóigh a rabhthas á ndúshaothrú sa [[An Rúis|Rúis]]. Mar sin, d'éalaigh siad ó bhráca na dtiarnaí talún agus chuaigh siad le fánaíocht i machairí móra an deiscirt. Creidtear gur cuireadh síol leis an gcultúr Cosacach sna meánaoiseanna, ach níor thrácht na foinsí staire orthu roimh [[14ú haois|an gceathrú haois déag]].
 
Tugtar marcshluanna ar na dreamanna éagsúla de Chosacaigh, ar nós Marcshlua Zaporizhia, Marcshlua Don, Marcshlua Terek agus Marcshlua Uralna hÚraile. Chuala muintir Iarthar na hEorpa an chéad iomrá ar na Cosacaigh i lár na seachtú haois déag, nuair a d'éirigh Cosacaigh Zaporizhia faoi cheannas Bogdan Chmielnicki amach in aghaidh chumhacht na Polainne agus na Liotuáine san Úcráin.
 
Chuir na Cosacaigh eagar míleata orthu féin, rud a chiallaigh nach raibh na stáit áitiúla - [[an Pholainn]], [[an Rúis]] agus [[Cánacht na Crimé]] - ábalta greim a fháil orthu. Bhí siad ag maireachtáil sna machairí móra mar shluaite leath-neamhspleácha armtha. Uaireanta, bhí siad sásta comhoibriú leis na Polannaigh nó leis na Rúisigh, ach uaireanta eile, d'éirigh siad amach in aghaidh na dtiarnaí iasachta seo. I rith na naoú haoise déag, áfach, bhí na [[Impireacht na Rúise|hImpirí Rúiseacha]] in ann a gcumhacht a chur i bhfeidhm ar na Cosacaigh, cé go bhfuair siad a lán pribhléidí ina éiric sin. Bhí siad díolmhaithe ón gcáin go hiomlán. Bhain na hImpirí úsáid astu mar scothaicme saighdiúirí agus le críocha nua a thabhairt chun míntíreachais, go háirithe sa tSibéir.
Inniu, tá traidisiún na gCosacach á athbheochan i ndeisceart na Rúise. Faoi láthair, tá timpeall is 150,000 duine ar fiannas míleata in aonaid armtha na gCosacach, agus na milliúin duine ag dearcadh orthu féin mar Chosacaigh eitneacha.
 
Is iad na teangacha is mó a shamhlaítear leis na Cosacaigh ná an [[Rúisis]] agus an [[Úcráinis]]. Bhí canúint, téarmaí agus focail dá gcuid féin ag na Cosacaigh sa dá theanga, áfach. Na scríbhneoirí Rúisise a scríobh scéalta faoi na Cosacaigh, ar nós [[Mikhail Sholokhov]] agus [[Vasiliy Shukshin]], d'fhéach siad le húsáid a bhaint as canúintí agus téarmaí Cosacacha ina gcuid saothar.
 
== An Focal ”Cosacach” ==