An difríocht idir athruithe ar: "Nasctheanga"

m (+en)
* Nasctheanga a bhí sa teanga [[Tok Pisin]] ar dtús. Anois, áfach, tá sí ag iompú ina [[fásteanga]], agus cainteoirí dúchais ann.
 
* Nasctheanga stairiúil ab ea í an teanga [[Russenorsk]]. Meascán den [[Rúisis]] agus den [[Ioruais]] a bhí ann agus gramadach an-simplí ag dul leo. Bhí sí á húsáid ag na hiascairí Rúiseacha agus Ioruacha ina gcuid gnóthaí tráchtála le chéile, go dtí gur dhún an [[réabhlóid Bhoilséiveach]] an teorainn.
 
* Nasctheanga stairiúil eile ab ea í an teanga [[Chinook Jargon]]. Béarlagair measctha a bhí ann a fuair a chuid focal ón mBéarlam[[Béarla]], ón bhFraincisbh[[Fraincis]] agus ó na teangacha bundúchasacha a bhain leis an ngrúpa Chinook. Chuaigh an chuid is mó de na teangacha seo in éag cheana féin. Bhí an Chinook Jargon á labhairt in iarthuaisceart [[Meiriceá Thuaidh|Mheiriceá Thuaidh]], áit a bhfuil Alaska[[Alasca]], stát [[Washington]], [[Oregon]] agus British[[an Cholóim ColumbiaBhriotanach]] inniu. D'iompaigh an teanga seo ina fásteanga chomh maith, teanga ar a dtugtar Chinook Wawa. Tá an teanga Chinook Wawa á labhairt mar theanga dhúchais in Oregon inniu féin.
 
* Tá an teanga [[Fanakalo]] nó Fanagalo á labhairt sna poill mhianaigh san [[an Afraic Theas|Afraic Theas]]. Tá sí bunaithe ar an teanga bhundúchasach úd [[Zulu]]. Tháinig an chuid is mó de na focail as an teanga Zulu. Thairis sin, tá focail Bhéarla, Afracáinise[[Afracáinis]]e agus fiú Portaingéilise[[Portaingéilis]]e ann. Níl a dhath fágtha de ghramadach chasta na teanga Zulu, áfach, agus is gnách comhréir agus dul an Bhéarla a chur i bhfeidhm ar an teanga.
 
{{stumpa}}
1,611

edits